Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus do ḃeannuiġ Símeon íad, agus a duḃairt sé ré Muire a ṁaṫairsion, Féuċ, a tá sé so ar na órduġaḋ do ċum tuitme agus eiséirġe ṁóráin a Nisraél; agus na ċoṁarṫa agá gcuirfiṫear na aġaiḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ṫug Simeon a ḃeannaċt dóiḃ, agus duḃairt sé le Muire, a ṁáṫair: Féaċ, tá sé i ndán dó seo a ḃeiṫ ma ċúis ṫuitime agus ma ċúis eiséirġe ag mórán i n-Israél, agus ma ċóṁarṫa a gcuirfear ma aġaiḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus do ḃeannuiġ Simeon iad, agus aduḃairt sé le Muire, a ṁáṫair, Féaċ, atá sé seo ceapṫa ċum leagṫa agus ċum aiséiriġṫe móráin i nIsrael, agus ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁarṫa go gcuirfear ’n‐a aġaiḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus do ċuir Simeón a ḃeannaċt orṫa, agus duḃairt sé le Muire a ṁáṫair: Féaċ, tá so ceapaiṫe ċun díṫe agus ċun aiseiriġṫe ḋ’á lán i n-Israél, agus ċun ḃeiṫ ’n-a ċóṁarṫa a ġeoḃaiḋ diúltaḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:34
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeannuiġ sé é, agus a duḃairt, Bioḋ Abram beánnuiġe on Día as ro áirde, sealḃuiġe neiṁe agus talṁan:


Agus tug Ioseṗ Iacob a aṫair a steaċ, agus do ṡuiġiḋ é as ċoinne Ṗárao; agus do ḃeannuiġ Iacob Ṗárao.


Agus do ḟéuċ Maóise ar an obair uile, agus, féuċ, do rinneadar í, mar do aiṫin an TIĠEARNA; is mar sin do rinneadar í, agus do ḃeannuiġ Maóise íad.


Féuċ, misi agus an ċlann ṫug an TIĠEARNA ḋaṁ atámaóid mar ċoṁarṫaiḃ agus mar iongántaiḃ ann Israel ó ṪIĠEARNA na slóġ, noċ áitreaḃus a slíaḃ Síon.


Cía is críonna, agus tuigfe sé na neiṫese? glic, agus aiṫeona sé íad? óir is díreaċ sliġṫe an TIĠEARNA, agus siuḃoluid na fíréin ionta: aċt tuitfid na ciontuiġ ionta.


Ṫáinic Mac an duine ag iṫe agus ag ól, agus a deirid, Féuċ an duine cráosaċ, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacṫaċ. Giḋeaḋ a tá an ġliocas ar na sáoraḋ ó na cloinn féin.


Agus ar mbeiṫ ḋó fós ag laḃairt ris an bpubal, féuċ, do ṡeasadar a ṁaṫair, agus a ḋearḃraiṫreaċa a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa ris.


Agus giḋ bé neaċ ṫuitfeas ar an gcloiċse, brisfiṫear é: agus gioḋ bé ar a dtuitfi sí, do ḋéana sí mionluaiṫreaḋ ḋe.


Ag ráḋ, A ṫiġearna, is cuiṁain linn an tan do ḃí an mealltóir úd béo, go nduḃairt sé, Eireóċuiḋ mé tair éis ṫrí lá.


(Agus fós, raċaiḋ cloiḋ éaṁ tré ṫanamsa mar an gcéudna,) do ċum go noċdfuiḋe smúaintiġṫe as mórán do ċroiḋiḃ.


Oír giḋ bé do ní olc, fúaṫaiġiḋ sé an solus, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, deagla go ndiomolfuiḋe a oibreaċa.


Ar a naḋḃarso as móide do smuáineadar na Iúdaiḋe eisean do ṁarḃaḋ, tré naċ é aṁáin gur ḃris sé an tsabboíd, aċd go nduḃairt sé fós gur bé Día a Aṫair féín, dá ḋéanaṁ féin coiṁ ionann ré Día.


Aċd ar a ḃfaicsin an ṗobail do na Iúdaiġiḃ, do líonaḋ do ṫnúṫ íad, agus tangadar a naġaiḋ na neiṫeann do laḃair pól, da gconntrarġaḋ agus ag laḃairt orṫa go masluiġṫeaċ.


Agus an tan naċ ḃfúaradar íadsan, do ṫairngeadar Iáson agus cuid áiriġe dona braiṫriḃ ċum úaċdarán na caiṫreaċ, ag éiġṁe, Iad so do ċuir an sáoġal bun os cionn ṫangadar an so mar an cceadna;


Oír do fuaramar an fearsa mar ṗláiġ, agus ag cur ċeannairc eidir na Iúduiġiḃ uile ar feaḋ an doṁuin, agus na ċeannfeaḋna dórd na Nasaréunaċ:


Aċd buḋ mían rinn a ċlos uáit na neiṫe ḃreaṫnuiġeas tú: oír do ṫáoḃ a nuirsde, is aiṫniġ ḋúinn do dticṫear na aġaiḋ sa nuile áit.


Do ṡeasadar ríġṫe na talṁan, agus do ċruinniġeadar na húaċdaráin a ḃfoċair a ċéile, a naġaiḋ an Tiġearna, agus a naġaiḋ a Ċríosd.


Agus dfás bríaṫar Dé; agus do ṁéudaiġ úiḃir na ndeisciobal go roṁór a Niarusalém; agus dúṁluiḋ cuid ṁór do na ságartaiḃ don ċreideaṁ.


Créd uime? Do ḃriġ naċ ó ċreideaṁ, aċd mar do ḃeiṫ ó oibriġṫiḃ an reaċda do iarradar í. Oir fúaradar oilḃhéim fa ċloiċ na hoilḃéime;


Giḋeaḋ fós do nímidne Críosd ar na ċéusaḋ do ṡeanmóruġaḋ, na oilḃéim do na Iuduiġiḃ, agus na éigcríonnaċd do na Gréugaiḃ;


Oir an Melċisedecsa rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, ṫarrla sé Dábraham ar mbéiṫ ḋó ag filleaḋ air ais ó ár na ríġṫeaḋ, agus do ḃeannuiġ sé é;


Agus gan imreasuin ar biṫ beannuiġṫear a ní is lúġa ón ní is mó.


Má ṁasluiġṫear siḃ ar son anma Ċríosd, atáṫaói beannaiġe; óir do ní Sbiorad na glóire agus Dé coṁnuiġe orúiḃ: noċ do ġeiḃ masla ḋá dtáoḃsan, agus glóir dá ḃur dtáoḃsa.


¶ Agus do ḃeannuiġ Eli Elcanah agus a ḃean, agus a duḃairt, Go ttuga Día slioċd duitsi ris an mnaói si ar son a níasaiċd tugaḋ don TIĠEARNA. Agus do ċúadar dá náit féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ