Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 2:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ḃí go hobann cuideaċda ṁór do ṡlúaġ neaṁḋa a ḃfoċair an aingil ag molaḋ Dé, agus ag ráḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus i dtoibinne ḃí i gcuideaċta an aingil sluaġ mór de luċt na ḃflaiṫeas ag molaḋ Dé agus ag ráḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus ar an láṫair do ḃí i ḃfoċair an aingil buiḋean ṁór de’n tsluaġ neaṁḋa, iad ag molaḋ Dé, agus g‐á ráḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus láiṫreaċ do ḃí i ḃfoċair an aingil mór-ṡluaġ na ḃflaṫas agus iad ag molaḋ Dé, agus deiridís:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 2:13
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċonnairc aisling, agus féuċ dréimre ar na ċur súas ar an talaṁ, agus ráinic a ḃárr go flaiṫeaṁnus: agus féuċ, aingil Dé ag dul suas agus ag teaċd a nṡúas ann.


Agus a duḃairt seision, Eistse ar a naḋḃarsin bríaṫar an TIĠEARNA: do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slóiġ ḟlaiṫeaṁnuis uile na seasaṁ na ḟoċair ar a laiṁ ḋeis agus air a láiṁ ċlé:


A nuáir do ċanadar na reulta maidne re ċeile, agus do ġáireadar mic Dé uile le lúaṫġáir?


Moluiḋ é, a aingle féin uile: moluiḋ é, a ṡlúaġ uile.


Atáid carbaid Dé fiṫċe míle, míltiḋ dáingliḃ; atá an TIĠEARNA na measc, annsa náit náoṁṫa, Sínai.


Annsin do ṫóg an spiorad súas mé, agus do ċúala mé am ḋiáiġ gúṫ tormáin ṁóir, ag raḋ, Go maḋ beannuiġṫe glóir an TIĠEARNA ó na áit.


Ṫáinic sruṫ tinntiġe amaċ agus ṫáinic amaċ as a ċoinne: do ḃí míle do ṁíltiḃ ag miniostrálaċd dó, agus deiċ míle uáir deiċ míle do ṡeas as a ċoinne: do suiġeaḋ an breiṫeaṁnus, agus do hosclaḋ na leaḃair.


Mar an gcéadna, a deirim riḃ, Bí gáirdeaċas ar aingliḃ Dé trí éin ṗeacṫaċ aṁáin do ní aiṫriġe.


Agus ag so coṁarṫa ḋíḃ; Do ġéuḃṫáoi an leanaḃ ceanguilte a ngiobluiḃ, na luiġe a mainnséur.


Glóir do Ḋía ann sna hárduiḃ, agus síoḋċáin ar an dtalaṁ, deaġṫoil do na dáoiniḃ.


Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsaṁuil Dé dúaċdaránuiḃ agus do ċúṁaċduiḃ ar neaṁ,


Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.


A né naċ sbiorada freasduil íad uile, ċurṫar a maċ ċum miniosdrálaċda ar son na druinge ġeuḃus oiġreaċd an tslánaiġṫe?


Dár foillsiġeaḋ, naċ dóiḃ féin aċd dúinne do ḋéunaidís miniosdrálaċd na neiṫeann, atá a nois ar na ḃfoillsiuġaḋ ḋíḃse leis an druing lér seanmóruiġeaḋ an soisgéul díḃ trés an Spiorad náoṁ do cuireaḋ ó neaṁ a núas; na neiṫe is mían ris na haingliḃ ḟaicsin.


Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ