Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus an tan ṫáinic Iósa ċum na háitesin, ar ḃféaċain súas dó, ċúnnairc sé eision, agus a duḃairt sé ris, A Ṡaċéus, tuirrling go deifreaċ; óir is ad ṫiġ is éigin daṁsa coṁnuiḋe ḋéanaṁ a niu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus ag aṁarc suas do Íosa, ag teaċt ċun na h-áite dó, ċonnaic sé é, agus duḃairt leis: A Ṡaċeuis, tar anuas go tapaiḋ, óir is éigean daṁ cóṁnaiḋe a ḋéanaṁ i do ṫiġ-se indiu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair ṫáinig Íosa ċum na h‐áite, do ḋearc sé suas, agus aduḃairt sé leis, A Ṡacċéuis, brostuiġ agus tar anuas: óir caiṫfead‐sa cur fúm id’ ṫiġ‐se indiu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus nuair a ṫáinig Íosa ċun na h-áite d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé é, agus duḃairt sé leis: A Ṡacaeuis, brostuiġ agus tar anuas, mar is ad’ ṫiġ-se a ċaiṫfead-sa stad indiu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:5
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.


¶ Agus an tan do ġaḃ misi láiṁ riot, agus do ċonnairc mé salaċ ṫú ann ṫfuil féin, a duḃairt mé ríot, ann ṫfuil féin, Mair; fós, a duḃairt mé riot ann ṫfuil féin, Mair.


Oír ṫáinic Mac an duine diárruiḋ agus do ṡlánuġaḋ an ní do ċúaiḋ a muġa.


Agus, féuċ, do ḃí duine áiriġe ann dár ḃainm Saċéus, do ḃi na úaċdarán air na publiocáin, agus do ḃí sé saiḋḃir.


Agus ag riṫ roiṁe ḋó, do ċuáiḋ sé súas a gcrann sicamor ionnus go ḃfaicfeaḋ sé é: óir do ḃi fáoi an tsliġsin do ġaḃáil.


Agus ag deifriúġaḋ ḋósan, do ṫuirrling sé, agus do ġaḃ sé ċuige é go luáṫġáireaċ.


A duḃairt Natánael ris, Cionnas aiṫniġeas tú mé? do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Ní as táosga ná ġoir Ṗilib ṫú, an tráṫ do ḃí tú fáoi an gcrann fíge, do ċunnairc me ṫú.


Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.


Agus ar mbeiṫ ḋúinne, ag cungnaṁ rision, íarrmuid fós daṫċuinġe oruiḃ gan ġrás Dé do ġaḃail ċuguiḃ do díoṁaóin.


Ionnus go ndéanaḋ Críosd coṁnuiḋe tré ċreideaṁ ann ḃur gcroiḋṫiḃ:


Ná dearmaduiġ aóiḋeaċd ṫaḃairt do ċóímṫiġaċuiḃ: óir dá réir so tugadar dream áiriġe aóiḋeaċd daingliḃ gan ḟios dóiḃ féin.


Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ