Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus ag riṫ roiṁe ḋó, do ċuáiḋ sé súas a gcrann sicamor ionnus go ḃfaicfeaḋ sé é: óir do ḃi fáoi an tsliġsin do ġaḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ag riṫ ar aġaiḋ roiṁe dó, ċuaiḋ sé suas i gcrann ṡiceamóra ċun é d’ḟeiceáil, mar go raiḃ sé le dul ṫart an bealaċ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do riṫ sé roiṁe, agus do‐ċuaiḋ sé suas i gcrann siceamóra ċum go ḃfeicfeaḋ sé é: óir do ḃí sé ċum an tsliġe sin do ġaḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus do riṫ sé rómpa amaċ, agus ċuaiḋ sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go ḃfeicfeaḋ sé é, mar ḃí sé ċun gaḃáil an tslíġ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:4
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Ṫug an ríġ airgiod do ḃeiṫ ann Ierusalem aṁuil cloċa: agus ṫug cedar do ḃeiṫ ann aṁuil crann sicamor noċ atá ánnsa ġleann, air líonṁaireaċd.


Agus do ḃí Baal‐hanan an Gederiteaċ ós cionn na ccrann ola agus na ccrann Sicomór noċ do ḃí annsna réitiḃ iaċdraċa: agus do ḃí Ioás ós ċíonn soiléur na hola.


Agus ṫug an ríġ airgiod agus ór ann Ierusalem mar ċloċa, agus do rinne croinn cédair ann aṁuil croinn sicomoir noċ atá san ġleann air líonṁaireaċd.


Agus ṫug an ríġ go raiḃ airgiod ann Ierusalem mar ċloċuiḃ, agus croinn cédair mar ċrannuiḃ sicamor atá annsna reíteaċ ísiol air líonṁaireaċd.


Do ṁarḃ a ḃfíneaṁuin ris an gcloiċṡneaċta, agus a ccroinn siocamor ris an gcuisne.


Do ṫuiteadar na bríceaḋa síos, aċt cuirfeimne súas lé cloċuiḃ snoiġte: do gearraḋ na siccamair síos, aċt áṫroċuimne íad a cédar.


¶ Aunsin do ḟreagair Amos, agus a duḃairt sé re Hamasiah, Ní fáiġ misi, nó mac faiġe mé; aċt dob áoḋaire mé, agus do buḋ cruinneoċṫóir toruiḋ fígeaḋ fíaḋáin mé:


Agus a duḃairt an Tiġearna, Dá mbeiṫ oiread ġráinne musdaird do ċreideaṁ aguiḃ, déaraḋ siḃ ris a gcrann sicaminso, Eiriġ as do ḟréaṁaċ, agus curṫar an sa ḃfairge ṫú; agus do uṁloċaḋ sé ḋaóiḃ.


Agus do ḃí fonn air ḟaicsin cia hé Iósa; agus níor ḃéidir ris ón tslúaġ, tré go raiḃ sér ísiol do ṗearsainn.


Agus an tan ṫáinic Iósa ċum na háitesin, ar ḃféaċain súas dó, ċúnnairc sé eision, agus a duḃairt sé ris, A Ṡaċéus, tuirrling go deifreaċ; óir is ad ṫiġ is éigin daṁsa coṁnuiḋe ḋéanaṁ a niu.


Agus an tráṫ naċ ḃfuaradar cáoi ar a ṫaḃairt a sdeaċ tré ṁéud ná cuideaċda, do ċúadar súas ar a tiġ, agus do léigeadar é féin, agus a leabuiḋ sios tríd an slinnteaċ ar lár, a ḃfíaġnuisi Iósa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ