Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 19:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus tárla, an tan do ḋruid sé lé Betṗáge agus ré Betánia, láiṁ ris a tsliaḃ da ngoirṫear slíaḃ na Noluiḋe, gur ċuir sé dias da ḋeisciobluiḃ úaḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus ṫárla, nuair a ḃí sé ag teaċt i ngaoḃar do Ḃetṗage agus do Ḃetánia, i n-aice leis an tsliaḃ, dá ngoirtear Oliḃet, ċuir sé beirt dá ḋeisciobail uaiḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus ṫarla, ag tarraing i ngar do Ḃétfagé agus do Ḃétánia ḋó, láiṁ leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐ċrann, gur ċuir sé beirt d’á ḋeisceablaiḃ uaiḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus do ṫárla, nuair a ḃí sé ag teaċt i ngar do Ḃetṗagé i mBetánia, láiṁ leis an sliaḃ ar a dtugtar Oliḃet, gur ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisgiobuil,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 19:29
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas.


Agus ar na ḃfágḃáil, do ċúaiḋ sé amaċ as an gcaṫraiġ go Betánia; agus do ḟan sé ann sin.


Ag ráḋ, Imṫiġiḋ don ḃaile atá as ḃur gcoṁair; ar ndul a sdeaċ ann dáoiḃ do ġeaḃṫáoi searraċ ceangailte, ar na ṡuiḋ áon nduine riaṁ: sgáoiliḋ, agus taḃruiḋ liḃ é.


Agus an tan do ḋruid sé a ḃogus, ré casaiġ ṡléiḃe na Noluiḋeaḋ, do ṫionnsgain an ċuideaċa ḋeisciobal uile go lúaṫġáireaċ Dia do ṁolaḋ do ġuṫ ṁór ar son gaċ uile suḃailciġe dá ḃfacadur;


Agus do ḃíoḋ sé teagasg sa ló ann sa teampeall; aċd ann san noiḋċe ar nimṫeaċd dó amaċ, do ċoṁnuiġeaḋ sé ar a tslíaḃ dá ngoirṫear slíaḃ na Noluiḋeaḋ.


Agus ar nimṫeaċd amaċ ḋó, do ċúaiḋ sé, do réir a ġnáṫuiġṫe, go slíaḃ na Noluiḋeaḋ; agus fós do leanadar a ḋeisciobuil é.


Agus rug sé amaċ go soiṫe Betánia íad, agus ar dtóġḃáil a láṁ, do ḃeannuiġ sé íad.


Ann sin dfilleadar go Híarusalém ón tslíaḃ ré a nabarṫar slíaḃ na Noluiḋeaḋ, noċ atá láiṁ lé Híarusalém asdar sabbóide.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ