Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:43 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Agus do fúair sé a raḋarc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag taḃairt glóire do Ḋiá: agus an tan do ċunnairc an pobal uile so, tugadar molaḋ do Ḋía.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Agus ḃí a raḋarc aige ar an ḃomaite, agus lean sé é, ag taḃairt ġlóire do Ḋia. Agus ar a ḟeiceáil sin do na daoine, ṫug siad go léir molaḋ do Ḋia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus ar an láṫair fuair sé a raḋarc, agus do lean sé é, agus é ag taḃairt glóire do Ḋia: agus na daoine go léir, nuair do ċonnacadar é, ṫugadar molaḋ do Ḋia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus fuair sé a raḋarc láiṫreaċ, agus do lean sé eisean ag molaḋ Dé; agus nuair a ċonaic na daoíne go léir an níḋ sin ṫugadar molaḋ do Ḋia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:43
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

O go molaidis an TIĠEARNA air son a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine!


Adṁuiġdís don TIĠEARNA a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine!


Fosgluiḋ an TIĠEARNA súile na ndall: tógḃuiḋ an TIĠEARNA súas an drong ċláonas síos: is ionṁuin leis an TTIĠEARNA na fíréin:


O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do ċoṁairc mé ċugad, agus do leiġis tú mé.


Ann sin oisceoltar súile na ndall, agus biáiḋ clúasa na mboḋar gan stopaḋ.


Agus do ḃéara mé na daill a sliġe naċ aiṫne ḋóiḃ; tréoroċuiḋ mé íad a sliġe nar ḃfeas dóiḃ: do ḋéana mé an dorċadas na ṡolus rompa, agus na neiṫe cama díreaċ. Ag so na neiṫe ḋéanas mé ḋóiḃ agus ní ṫréigfe mé íad.


Do ċum mé an pobalso ḋaṁ féin; taisbéanfuid s ad amaċ mo ṁolaḋ.


Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.


Tangadar ċuige an tráṫsin doill, agus bacaiġ annsa teampoll; agus do ṡlánaiġ sé íad.


Aċd an tan do ċunnairc an pubal an nisí, do ġaḃ iongantas íad, agus tuagadar glóir do Ḋía, ṫug a leiṫeide sin do ċuṁaċdaiḃ do ḋáoiniḃ.


Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi, do ġaḃ náire gaċ áon nduine dá raiḃ a cur na aġaiḋ: aċd do ḃígáirdeaċas ar a tslúaġ uile tré gaċ uile ní glórṁar dá ndéarmiḋ seision.


Agus an tan do ḋruid sé a ḃogus, ré casaiġ ṡléiḃe na Noluiḋeaḋ, do ṫionnsgain an ċuideaċa ḋeisciobal uile go lúaṫġáireaċ Dia do ṁolaḋ do ġuṫ ṁór ar son gaċ uile suḃailciġe dá ḃfacadur;


Agus ar seasaṁ ḋosan ós a cionn, do imḋearg sé an fiaḃrus; agus dfag an fíaḃrus í: agus ar néirġe ḋisi do laṫair do rinne sí frioṫolaṁ ḋóiḃ.


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, agus do ṁoladar Día, agus do líonaḋ deagla íad, ag ráḋ, Do ċoncamair neiṫe doiċreidte a niuġ.


Aċd do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile trí ṁórċuṁaċd Dé. Agus ar mbeiṫ ag déanaṁ iongantus doiḃ uile ann gaċ uile ní da ndearnuiḋ Iósa, a duḃairt sé ré na ḋeiscioblaiḃ,


Agus ar gclós na neiṫeannsa ḋóiḃsion, do ṫoċdadar, agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Uime sin ṫug Día aiṫriġe do na Cineaḋaċaiḃ fós ċum beaṫa.


Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.


Agus ar ndéanaṁ bagair ḋoiḃsean, do léigeadar úaṫa íad, mar naċ ḃfúaradar sliġe ar biṫ ċum pionúis do ṫaḃairt dóiḃ, ar son an ṗobail: oír ṫugadar uile glóir do Ḋía ar son a neiṫe do rinneaḋ ann.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ