Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Atá éolos na naiṫeantaḋ agad, Ná déana aḋaltranas, Ná déana dunṁarḃaḋ, Na déana goid, Ná déana fiaḋnuisi ḃréige, Onóiruiġ haṫair agus do ṁaṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Is eol duit na h-aiṫeanta: Ná déan marḃaḋ; ná déan aḋaltranas; ná déan goid; ná taḃair fiaḋnaise ḃréige; taḃair onóir do d’aṫair agus do do ṁáṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Is eol duit na h‐aiṫeanta, Ná déan aḋaltrannas, Ná déan dún‐ṁarḃaḋ, Ná déan goid, Ná taḃair fiaḋnaise ḃréige, Taḃair onóir dot’ aṫair agus dod’ ṁáṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Táid na h-aiṫeanta agat: Ná dein marḃaḋ; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná taḃair fiaḋnuise ḃréige; Taḃair do t’aṫair agus dod’ṁáṫair onóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:20
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ċum an dliġe agus ċum na fiaḋnuise: muna laḃruid síad do réir a nfocailsi, iseaḋ do ċionn naċ ḃfuil solus air biṫ ionta.


Agus a duḃairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú máiṫ ḋiomsa? ní ḃfuil éinnraċ maiṫ, aċd Día, amaháin.


Agus a duḃairt seision, Do ċoiṁéid mé na neiṫesi uile óm óige.


Oír na naiṫeantasa, Na déuna aḋaltrannus, Na déuna dúnṁarḃaḋ, Na déuna goid, Na déuna fíaḋnuisi ḃréige, Na déuna saint; agus gaċ aiṫne eile ḋa ḃfuil ann, atáid go haiṫġearr fá ḃriġ an ráiḋ so, eaḋon, Gráḋaiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin.


Ar a naḋḃarsin ní ṡáorfuiḋṫear éinneaċ na ḟíaḋnuisision ó oibriġiḃ an dliġe: óir is trés an dliġeaḋ tig aiṫne an ṗeacuiġ.


Taḃair onóir dod aṫair agus dod ṁaṫair; (noċ as é ċéud áiṫne maille ré geallaṁuin;)


A ċlann, bíġiḋ úṁal do ḃur naiṫriḃ agus do ḃur máṫriḃ sna huile neiṫiḃ: óir as mór gean an Tíġearna ar so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ