Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 17:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd a né naċ aibéora sé ris, Ullṁuiġ an ní íosas mé ar mo ṡuiper, agus cuir do ċrios ṫort, agus friṫeóil daṁsa, no go niṫe mé agus go niḃe mé; agus tar éisi sin iṫsi agus iḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Aċt an é naċ n-abrann sé leis: Déan réiḋ mo ṡuipéar, agus cuir do ċrios ort agus déan freastal orm nó go n-iṫiḋ, agus go n-ólaiḋ mé, agus ina ḋiaiḋ sin íosaiḋ agus ólfaiḋ tusa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus naċ é adéarfaiḋ sé leis, Ullṁuiġ niḋ le n’ite ḋom, agus cuir crioslaċ ort, agus déan friotáileaṁ orm, go mbéiḋ iṫte agus ólta agam; agus ’n‐a ḋiaiḋ sin íosfair agus ólfair‐se?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus ná déarfaiḋ leis, Faiġ rud le n-iṫe ḋom, agus criosuiġ ṫu féin agus dein frioṫálaṁ orm go mbeiḋ iṫte agus ólta agam, agus ’n-a ḋiaiḋ san déanfair-se iṫe agus ól.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 17:8
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ċonnairc Ióseṗ Beniamin maille riu, a duḃairt sé re feaḋmannaċ a ṫiġe, Taḃair na fir so dom ṫiġ, agus marḃ, agus uilṁuiġ; óir is agamsa íosaid na daoine so san meaḋon laói a niuġ.


Ann sin déiriġ Dáiḃi don taluṁ, agus dionnuil sé, agus do ċuir ola air féin, agus do áṫruiġ a éadaċ, agus ṫáinic go tiġ an TIĠEARNA, agus do aḋuir: ann sin ṫáinic sé ḋá ṫiġ féin; agus a nuáir do íarr, do ċuireadar arán ann a ḟiaḋnuise, agus dúaiġ sé e.


Is beannaiġe na searḃḟoġantaiḋe úd, do ġeiḃ an tiġearna ag déanaṁ faire an tan do ṫig sé: a deirim riḃ go fírinneaċ, go gccangalfuiġ sé é féin timċioll, agus go gcuirfiḋ sé iádsan na suiḋe ċum biḋ, agus ar dteaċd amaċ ḋó go ndéanuiḋ sé fríoṫólaṁ ḋóiḃ.


Agus cía aguiḃ, agá ḃfuil searḃḟoġantuiḋe a treaḃaḋ no a coiṁéd treada, lé a naibéoraḋ sé ar an mball, an tan do ṫiocfaḋ sé ón ḃfearann, Imṫiġ agus suiḋ sios ar an bord?


An mbía buiḋeaċas aige ar a tsearḃḟoġantuiḋe úd do ḃriġ go ndearna sé na neiṫe do haiṫneaḋ ḋe? Ní ṡaóilim gormbía.


Déiriġ sé ó ṡuipéir, agus do ċuir sé a ḃrat de; agus ar agaḃáil linéadaiġ ċuige, do ċeanguil sé roiṁe féin é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ