Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 17:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag posaḋ, agus ag taḃairt ċum posda, gus an lá ann a ndeaċaiḋ Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Ḃí siad ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ ban agus ġá dtaḃairt lé pósaḋ, go dtí an lá ina ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san airc, agus go dtáinic an díle gur scrios sí iad uilig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Do ḃíodar ag ite, agus ag ól, agus ag pósaḋ, agus d’á dtaḃairt le pósaḋ, go dtí an lá ’n‐a ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san áirc, agus ṫáinig an díle agus do ċreaċ sí iad go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ḃíodar ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ ban agus ag taḃairt ban le pósaḋ, go dtí an lá ’n-ar ċuaiḋ Nóe isteaċ sa n-áirc; agus ṫáinig an díle agus do ḃáiḋ sí iad go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 17:27
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do sgriosaḋ gaċ uile ṡubstaint beó noċ do ḃí ar druim na talṁan, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ, agus an ni ṡnáṁus, agus éunlaiṫ neiṁe; agus do sgriosaḋ on talaṁ iad: agus do ḟan Naói aṁáin na ḃéaṫaiḋ, agus an luċd do ḃí na ḟoċair sa náirc.


Agus do ċuáiḋ Naói a steaċ, a ṁic, a ḃean, agus mná a ṁac, maille ris don náirc do ḃríġ uisgeaḋ na dílionna.


Do crioṫnuiġ mo ċroiḋe, dúaṁnuiġ eagla mé: diompóiġ sé oiḋċe mo ṡólais a neagla ḋaṁ.


Uimesin tiucfaiḋ olc ort; ní ḃiáiḋ a ḟios agad cáit as a néireoċaiḋ sé: agus tuitfiḋ donus ort; ní ḃiáiḋ air do ċumas a ċur ḋíot: agus tiucfa dólás go hobann ort, naċ bía a ḟios agad.


Oír ann sa neiséirġe ní ṫaḃruid fir mná, agus ní tugṫar mná dfearaiḃ, aċd a táid síad mar aingliḃ Dé ar neaṁ.


Agus mar do ṫarla a laéṫiḃ Náoi, is mar sin fós ḃiás a laéṫiḃ Ṁic an duine.


Agus ar a nós gcéadna mar ṫarla a laéṫiḃ Lot; do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag ceannaċ, ag reic, ag plantuġeaḋ, ag tógḃail tiġṫe;


¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuċ, do ḃádar ar feaḋ na talṁan leaṫnuiġe, ag iṫe agus ag ól, agus ag daṁsa, ar son ṁéid na héadála ṫugadar léo amaċ as críċ na Ḃṗilistineaċ, agus as tír Iudah.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ