Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 17:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus mar do ṫarla a laéṫiḃ Náoi, is mar sin fós ḃiás a laéṫiḃ Ṁic an duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus mar a ṫárla i laeṫe Naoi, is aṁlaiḋ fosta a ḃéas i laeṫe Ṁic an Duine:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus fá mar ṫarla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eaḋ ḃéas i n‐aimsir Ṁic an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus mar a ṫárla i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ i laeṫiḃ Ṁic an Duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 17:26
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċonnairc Día gur ṁór ċionnta an duine air an ttalaṁ, agus gaċ áon ḃreaṫnuġaḋ dá smuaineaḋ a ċroiḋe gurab olc é a ccoṁnuiġe.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Sgriosfuiḋ me an duine do ċruṫaiḋ me ó aġaiḋ na talṁan; ar áon an duine, agus an beiṫeaċ, agus an ni ṡnáṁus agus éunlaiṫ an aiéir; óir as aiṫreaċ liom a ndéunaṁ.


Aċ fuair Naói grása a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.


Agus féuċ gáirdeaċus agus lúaṫġáir, re marḃaḋ daṁ, agus re marḃaḋ cáoraċ, re iṫe feóla, agus re ól fíona: ġa raḋ, Iṫeam agus iḃiom; óir raċam déug a máraċ.


Agus a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Tiocfuiḋ a naimsir, an a mbia míangus oruiḃ áon do laéṫiḃ Ṁic an duine dfaicsin, agus ní ḟaicfiṫí.


Oír aṁuil agus mar ḋeallruiġeas an tinnteaċ, ṡoillsiġeas ó náird go ċéile fáoi neaṁ, is mar sín ḃiás Mac an duine mart an gcéndna ann a lá féin.


Do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag posaḋ, agus ag taḃairt ċum posda, gus an lá ann a ndeaċaiḋ Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.


Agus cía aguiḃ, agá ḃfuil searḃḟoġantuiḋe a treaḃaḋ no a coiṁéd treada, lé a naibéoraḋ sé ar an mball, an tan do ṫiocfaḋ sé ón ḃfearann, Imṫiġ agus suiḋ sios ar an bord?


A deirim riḃ go ndéana sé dioġaltas ar a son go lúaṫ. Aċd ċeanna an tan ṫiocfas Mac an duine, an ḃfuiġe sé creideaṁ ar an dtalaṁ?


As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.


Agus monar ċoigil sé an seandoṁan, aċd gur ṡáor sé Náoi an toċdṁaḋ pearsa, seanmóntuiġe na fíréuntaċda, ar dtaḃairt na díleann dó ar a ndoṁan na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa;


Uime sin an doṁan a nuáirsin, do sgriosaḋ é, ar dteaċd don díle ṫairis:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ