Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 17:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Tiocfuiḋ a naimsir, an a mbia míangus oruiḃ áon do laéṫiḃ Ṁic an duine dfaicsin, agus ní ḟaicfiṫí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Tiocfaiḋ na laeṫe, nuair a ḃéas fonn oraiḃ aon lá aṁáin de Ṁac an Duine d’ḟeiceáil, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus aduḃairt sé leis na deisceablaiḃ, Tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a mbéiḋ siḃ ag tnút le lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine o’ḟeicsin, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Tiocfaiḋ na laeṫanta ’n-a mbeiḋ dúil agaiḃ aon lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine a ḋ’ḟeisgint, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 17:22
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an ḟir núaṗosda ḃeiṫ dóbronaċ, an feaḋ ḃios an té do pósaḋ na ḃfoċair? aċd tiocfuiḋ lá ann, a dtóigéaḃṫar an fear núaṗósda uáṫa, agus ann sin do ḋéunaid síad trosgaḋ.


Aċd tiocfuiḋ na laéṫe, an a mbéurṫar úaṫa an fear núaṗósda, agus ann sin do ḋéanuid trosgaḋ ann sna laéṫiḃ sin.


Féuċ, fágṫar ḃur dtiġ na ḟásaċ aguiḃ: Agus a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Naċ ḃfaicfí misi, no go dtí a núair a naibeórṫáoi, Is beannaiġe an té ṫig a nainm an Tiġearna.


Aċd tiocfaid na láeṫe an tan ḃéurṫar an fear núa ṗósda úaṫa, ann sna láeṫiḃ sin do ḋéunuid síad trosgaḋ.


Uime sin a duḃairt Iósa ríu, Atá an solus ḃur measg fós ar feaḋ tamuill ḃig. Siuḃlaiḋ an feaḋ ḃías an solus aguiḃ, deagla go mbéuraḋ an dorċadus, oruiḃ: Oír giḋ bé ṡioḃlus ann sa dorċadus, ní feas do gá háit a ngaḃann sé.


A ċlann ḃeag, atáim fós seal beag ḃur ḃfarraḋ. Iarrfuiḋe mé: giḋeaḋ már a duḃairt mé ris na Iúduiḋiḃ, Giḋ bé áit a dtéiġimsi, ní ḟéudfáoisi ṫeaċd ann; is mar sin a deirim riḃsi a nois.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ