Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a deirinsi riḃ, Déanuiḋ cáirde ḋiḃ féin lé sáiḋḃreas na héagcóra; ionnus an tráṫ ḃías uireasḃuiḃ oruiḃ, go nglacfuiḋ siḃ ann a lóisdiniḃ siorruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus deirim-se liḃ: Déanaigiḋ cáirde díḃ féin de ṁammon na h-urċóide; ionnas, nuair a ḃéas siḃ i n-easbaiḋ, go nglacaiḋ siad isteaċ ins na h-áruis síorraiḋe síḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis an saiḋḃreas claon so, i dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:9
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċuáiḋ mfeóil agus mo ċroiḋe a laige: isé Día neart mo ċroiḋe, agus mo ċuid ronna go bráṫ.


Coróin na neagnuiḋe a saiḋḃrios: aċt is leiṁe amadánaċd na namadán.


An té agá mbí truaiġe don ḃoċt airligiḋ sé don TIĠEARNA; agus an ní do ḃéara sé úaḋ íocfuiḋ sé ris é a rís.


An ccuirfiḋ tú do ṡúile annsa ní naċ ḃfuil ann? óir do ní saiḋḃrios go deiṁin sciaṫáin dó féin; eitillidsiad as aṁuil iolar ċum niṁe.


Teilg harán air na huisgeaḋuiḃ: óir do ġeaḃa tú é tar éis móráin do láeṫiḃ.


Oír ní ċeannairgfiḋ mé go siorruiḋe, ní mó ḃías mé a ccoṁnuiḋe feargaċ: óir dfáilleoċaḋ an spiorad roṁamsa, agus na hanmanna noċ do rinne mé.


Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.


A duḃairt Iósa ris, Mas áill leaċd ḃeiṫ diongṁala, imṫiġ reac a ḃfuil agad, agus taḃair do na boċduiḃ é, agus do ġeaḃa tu ionnṁas ar neaṁ, agus tarr, lean misi.


Na cruinniġiḋ ionnṁas ar an ttalaṁ, mar a ttrúaillean an léoġan agus an ṁeirg é, agus mar a ttoċlaid agus mar a ngoidid na bioṫaṁnuiġ:


Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon.


Ar a naḋḃarsin táḃruiḋ deíre uáiḃ do na neiṫiḃ atá a láṫair aguiḃ; agus, féuċ, bíaiḋ na huile neiṫeġan díḃ.


Réacaiḋ a ḃfuil aguiḃ, agus taḃruiḋ déirc úaiḃ; déanuiḋ sparáin ḋiḃ féin naċ raċta a narsaiḋeaċd, cisde ar naċ raċa caiṫeaṁ ar neaṁ, a náiṫ naċ dtig gaduiḋe a ngar ḋó, agus naċ dtruáilliġeann an míol críon.


Agus biáḋ tú beannuiġe; do ḃriġ naċ ḃfuil acfuinn aca an ċomáoin ċeadna do ṫaḃairt ḋuit: óir do ḃéarṫar a luáiḋeaċd ḋuit a neiséirġe na ḃfíréun.


Ar a naḋḃarsin muna raḃaḃairse fírinneacċ ann sa tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cia ṫáoḃtas an saiḋḃreas fírinneaċ riḃ?


Ní héidir le searḃfoġantuiḋe ar biṫ seirḃis do ḋéanaṁ do ḋá ṫiġearna: óir biáidḋ fúaṫ aige do neaċ aca, agus gráḋ don dara fear; nó ceangalfuiḋ sé do ḋuine aca, agus do ḃéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir liḃ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋía agus do Ṁammon.


Atá a ḟios agam créd do ḋéana mé, ionnas, an tan cuirfiġtear as an sdíoḃardaċd me, go ngéuḃuiḋ síad ċuċa mé dá dtiġṫiḃ féin.


Agus a duḃairt sé, A Ċornélius, do héisdeaḋ húrnaiġe, agus do coiṁniġeaḋ do ḋéirc a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé.


Oír oibriġiḋ ar mbuáiḋirt éudtrom, noċ naċ ṁairios aċt momeint, níos móḋ go líonṁar agus truime mbairṫanaċ dan ġloire ḋuinne:


Coiṁéuduiġ siḃ féin a ngráḋ Dé, ag súil ré trócaire ar Dtíġearna Iósa Críosd ċum na beaṫa marṫannuiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ