Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt an sdíoḃard ris féin, Créd do ḋéana mé? óir atá mo ṫiġearna ag buáin na sdíoḃardaċda ḋióm; ní héidiir leam roġṁar do ḋeanaṁ: agus is nair leam déirc iarruiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus duḃairt an stiuḃard leis féin: Cad é ḋéanfas mé, óir tá mo ṫiġearna ag baint na stuiḃardaċta díom? Ní ṫig liom róṁar, agus is náir liom déirc d’iarraiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus aduḃairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ġéanad, agus mo ṁáiġistir ag baint na maoirseaċta ḋíom? Ní ḟuil neart agam ċum róṁar do ḋéanaṁ; is nár liom ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan duḃairt an stíḃard i n’aigne féin. Cad a ḋéanfad, ó tá mo ṁáiġistir ag baint na stíḃardaiḋeaċta ḋíom? Ní’lim ábalta ar róṁar a ḋéanaṁ; is nár liom déirc do lorg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:3
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin ṫáinic Háman a steaċ, agus a duḃairt an ríġ ris, Cred do ḋéantar don duine a mbia dúil ag an ríġ onóir do ṫaḃairt dó? (Anois do smuáin Háman iona ċroiḋe, Cía agá mbíaṫ dúil ag an ríġ a onoruġaḋ ní sa ṁó ná misi?)


Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ.


Atá sliġe an duine leisgeaṁail mar ḟál dosán: aċt atá sliġe a nionruic déanta go bláiṫ.


An té fós ḃíos leasg iona obair is dearḃraṫair é don ṁillteóir ṁór.


Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.


Ní ṫreaḃṫuiġ an lorgánaċ do ḃríġ a nfúaċta; uimesin íarrfuiḋ sé déirc san ḃfoġṁar, agus ni bía aoinni aige.


An té do ḃeir a ṡeirḃiseaċ súas go muirneaċ ó ḃeiṫ na leanaṁ biáiḋ se na ṁac aige fa ḋeóiġ.


Agus créd do ḋéantaoi a ló na cúarta, agus annsa léirsgrios ṫiucfas as imċían? cía gus a raċṫaói ar caḃair? agus cáit a ḃfúigfiḋe ḃur nglóir?


Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?


Cred do ḋéantaói san ló ṡollamanta, agus a ló ḟéusta an TIĠEARNA?


Agus ar dteaċd don tráṫ nóna, a deir tiġearna na fíneaṁna ré na sdíoḃard, Goir an luċd oibre, agus taḃair ḋóiḃ a dtúarasdal, ag tosuġaḋ ón luċd ṫáinic fa ḋeireaḋ, go soiṫe na céaddáoine.


Agus tangadar go Iericó: agus ar nimṫeaċd dósan agus á ḋeisciobluiḃ agus do ḃuiḋin ṁóir as Iericó, do ṡuiḋ an dall Bartiméus, mac Ṫiméus, ar a tsliġe ag iarruiḋ déirce.


Agus do smuáin sé ann féin, ag raḋ, Créd do ḋéana mé, oir ní ḃfuil áit agam ann a gcruinneoċa me mo ṫórṫuiġe?


Agus ar na ġairm ċuige ḋo, a duḃairt sé ris, Créd é so do ċluinim ort?


Aċd do ḃí duine boċd áirgiġe ann, dar Lás, do ḃí na luiḋe agá ġeatasan, lán do ċréaċduiḃ,


Agus tárla, go ḃfuair an duine boċd bás, agus gur iomċradar na haingil go huċd Abraṁam é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saiḋḃir bás, agus do haḋluiceaḋ é;


Atá a ḟios agam créd do ḋéana mé, ionnas, an tan cuirfiġtear as an sdíoḃardaċd me, go ngéuḃuiḋ síad ċuċa mé dá dtiġṫiḃ féin.


Agus niór ḃáill leision ar feaḋ tamuill: aċd tar éis sin a duḃairt sé ris féin, Ge naċ ḃfuil eagla Dé oram, agus naċ ḃfuil onóir agam do ḋuine;


Ar a naḋḃarsin a duḃradar na coṁarsain, agus na daoine do ċunnairc dall é roiṁe sin, An né naċ é so an té do ḃí na ṡuiḋe ag iaruuiḋ na deirce?


Agus do hiomċraḋ duine áiriġe do ḃí na ṁairtíneaċ ó ḃruinn a ṁaṫar, noċ do ċuirdís gaċ láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breaġa, díarruiḋ déirce ar a ndruing do ṫéiġeaḋ a sdeaċ don teampoll;


Agus ar mbeiṫ do Ṡául ar criṫ agus lán dúaṫḃas a duḃairt sé, A Ṫiġearna, créud is áil leaċd do ḋéunaṁ ḋaṁ? Agus a duḃairt an Tiġearna ris, Eiriḋ, agus imṫiġ a sdeaċ don ċaṫruiġ, agus foillséoċar ḋuit créud is cóir ḋuit a ḋéunaṁ.


Oír do ċluinmíd go ḃfuilid daóine áiriġe ag siúḃal eadruiḃ go míriaġalta, naċ déun obair ar bíṫ, aċd ṡáiṫeas íad féin a neiṫiḃ naċ beanann ríu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ