Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus do ḃárr orrṫa so uile, atá foḋoṁain ṁór ar na cur eadruinne agus siḃsi: ionnas naċ Eidir leis na daóiniḃ lé buḋ mían é dul as so ċugaiḃsi: na teaċd as sin, ċuguinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus le n-a ċois sin uilig tá duiḃeagán mór curṫa eadrainne agus siḃ-se, san ċruṫ naċ féidir dóḃṫa sin ar ṁian leo é, dul anonn as seo ċugaiḃ-se, ná teaċt anall as sin ċugainne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus ṫairis sin agus uile, atá duiḃeagán mór suiḋte eadrainn: i dtreo naċ ḃféadann siad‐san gur mian leo é dul ċugaiḃ‐se anonn, ná teaċt as sin anall ċugainne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus d’á éaġmuis sin a’s uile, tá doiṁneas mór suiḋte daingean idir siḃ-se agus sinne, i dtreó an t-é gur ṁian leis dul as so ag triall oraiḃ-se náċ féidir dó é, ná teaċt as sán ag triall orainne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:26
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cuirṫear san úaiḋ íad mar ċáorċaiḃ; iosfuiḋ an bás íad; biáiḋ úaċdaránaċd ag an ḃfíréun orra air maidin; agus cnaóifiġear a mbréaġḋaċd san úaiḋ as a nionad coṁnuiġe.


Anois measuiġe so, siḃsi noċ ḋearmadas Día, deagla go réubfuin siḃ, agus naċ biáiḋ fear ḃur ttárrṫála.


¶ Agus ní ḃíaiḋ dreas deilgne ann ní sa ṁó do ṫiġ Israel, nó dosán ar biṫ gortuiġṫeaċ do na huile ahaóinibá ná ttimċioll, ṫarcuisniġios iad; agus biáiḋ a ḟios aca gur misi an Tiġearna DIA.


Annsin iompoċṫaói, agus eidirḋeileoċṫaói idir an ḃfíréun agus an ciontaċ, idir an té ḟoġnas do Ḋía agus an té naċ ḃfoġnann dó.


Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.


A deirim riot, náċ dtiocfa tú a maċ as sín, no go nióca tú an ḟeóirlinn deiġeanaċ.


Aċd a duḃairt Abraham, A ṁic, cuiṁniġ gur ġlac tusa neiṫe maiṫe le linn do ḃeiṫ béo, agus Lásarus mar an gceadna droċ neiṫe: aċd atá sólas aigesion a nois dá ḟáġáil, agus atá tusa dod ṗíanaḋ.


Agus a duḃairt seision, Maseaḋ, íarruim ort a aṫair, eision do ċur go tiġ maṫarsa:


An té ċreideas ann sa Ṁac atá an ḃeaṫa ṁarṫanaċ aige: aċd an té ḃiós easuṁal don Ṁac, ní ḟaicfe sé an ḃeaṫa; aċd coṁnuiġiḋ fearg Dé air.


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


An tí do ní éugcóir, déunaḋ eugcóir do ġnáṫ: agus an tí atá neaṁġlan, bíoḋ neaṁġlan do ġnáṫ: agus bíoḋ an firéun, firéunta do ġnáṫ: agus bíoḋ an náoṁ, naoṁṫa do ġnáṫ.


¶ Agus ṫáinig Abigail go Nábal; agus, féuċ, do ċonnuiṁ sé féusta iona ṫiġ, aṁuíl féusta ríġ; agus do ḃí croiḋe Nábal súgaċ ann, óir do ḃí sé ar meisge go mór: uime sin níor innis sisi ḋó einníġ, a ḃeag nó a ṁór, nó go ttáinic maidin ar na ṁáraċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ