Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Aċd a duḃairt Abraham, A ṁic, cuiṁniġ gur ġlac tusa neiṫe maiṫe le linn do ḃeiṫ béo, agus Lásarus mar an gceadna droċ neiṫe: aċd atá sólas aigesion a nois dá ḟáġáil, agus atá tusa dod ṗíanaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus duḃairt Abraham leis: A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuair tusa neiṫe maiṫe i do ṡaoġal, agus Lasair, mar an gcéadna, droċ-neiṫe; agus anois tá sólás dá ḟaġáil aige-sean, agus tá tusa do ċéasaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus duḃairt Ábraham leis: Cuiṁnig, a ṁic, conus mar a fuarais-se neiṫe fóġanta i gcaiṫeaṁ do ḃeaṫa agus go ḃfuair Lasarus droċ-neiṫe; aċ anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:25
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ do líon sé a ttiġṫe do neiṫiḃ maiṫe: aċd is fada coṁairle na ndroċḋaóine uáimse.


O ḋaóiniḃ red láiṁ, a ṪIĠEARNA, ó ḋaóiniḃ an tsáoġail, agá ḃfuil a ccuid annsna mbeaṫaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnṁus foluiġeaċ: atáid síad lán do ċloinn, agus fágḃuid an ċuid oile dá maóin agá naóiḋeanuiḃ.


Síad smuáintiġṫe a ccroiḋe, a ttiġṫe do ṁarṫuinn go bráṫ, agus a náitreiḃ ó ġinealaċ go ginealaċ; do ḃeirid a nanmanna féin air a ndúṫaiġ.


Téid a súile amaċ le méuṫus: sáruiġid smuáintiġṫe a ccroiḋe.


Do ċuiṁniġ Ierusalem a láeṫiḃ a háindeise agus a boċtuine ar a huile neiṫiḃ sólasaċa do ḃí aice annsna láeṫiḃ a nallód, an tan do ṫuiteadar a daoine a láiṁ a náṁad, agus nar ċuidiġ duine ar biṫ ría: do ċonncadar a naiṁde í, agus do rinneadar magaḋ fa na sabbóidiḃ.


¶ A noiḋċesin do marḃaḋ Belsassar ríġ na Ccaldeánaċ.


Ag ráḋ, A ṫiġearna, is cuiṁain linn an tan do ḃí an mealltóir úd béo, go nduḃairt sé, Eireóċuiḋ mé tair éis ṫrí lá.


Agus más ciontaċ do ċos ré hoilḃeim dfaġáil ḋuit, gearr ḋíot í: is fearr ḋuit dul don ḃeaṫuiḋ ṁarṫanuiġ ar leaṫċois, ná ḋá ċois do ḃeiṫ agad agus do ṫeilgean do hifearnn, ann sa teiniḋ náċ éidir do ṁúċaḋ:


Aċd do ḃí duine boċd áirgiġe ann, dar Lás, do ḃí na luiḋe agá ġeatasan, lán do ċréaċduiḃ,


Agus ar mbeiṫ ḋó a nifearn a bpíanuiḃ do ṫóg sé a ṡúile súas, agus do ċunnairc sé Abraham a ḃfád Uaḋ, agus Lasarus ann a uċd.


Agus do ḃárr orrṫa so uile, atá foḋoṁain ṁór ar na cur eadruinne agus siḃsi: ionnas naċ Eidir leis na daóiniḃ lé buḋ mían é dul as so ċugaiḃsi: na teaċd as sin, ċuguinne.


Aċd as anáoiḃinn dáoiḃsi a ḋáoine saiḋḃre! óir atá ḃur sólás aguiḃ.


Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Oir is náṁadus a naġuiḋ Dé gliocas na féola: óir ní úṁluiġeann sé do ḋliġeaḋ Dé, agus fós ní héidir leis.


Biáiḋ do ḃascáeid agus do stór malluiġ.


Agár ab damnuġaḋ a gcríoċ ḋeiġeanaċ, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ġlóir a náire ḋóiḃ, noċ smuáineas ar neiṫiḃ talṁuiḋe.


Ionnus naċ bíaḋ éunduine aguiḃ sóḃogṫa sna buáiḋearṫuiḃse: óir atá a ḟios aguiḃ féin gur hórduiġeaḋ sinn ċuige so.


Ar mbreiṫ ḋó do roġain ḃeiṫ ag fulang buáiḋearṫa a ḃfoċair ṗubail Dé, tar ḃeiṫ a sáiṁe neaṁmbúan an ṗeacuiḋ;


Ná tuguiḋ gráḋ don tsáoġal, ná do na neiṫiḃ atá sa tsáoġal. Dá dtuguiḋ neaċ ar biṫ gráḋ don tsáoġal, ní ḃfuil gráḋ a Naṫar ann.


Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ