Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 16:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ler ṁían é féin do ṡásaḋ leis an sbruileaċ do ṫuiteaḋ do ḃórd an duine saidḃir: agus do ṫigdís na madruiḋe, agus do liġeas ċréaċda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus fonn air a ṡáiṫ d’iṫe de na graḃrógaí a ṫuiteaḋ de ṫábla an ḟir ṡaiḋḃir, agus ní ṫaḃaraḋ aoinneaċ dó; aċt ṫigeaḋ na madaiḋ agus liġeaḋ siad a oṫraisí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 agus é ag tnúṫ le ’n‐a ṡáiṫ d’ḟáġáil de’n ḃroscar do ṫuiteaḋ ó ḃórd an duine ṡaiḋḃir; agus do ḃíoḋ na madraí féin ag teaċt agus ag liġeaḋ a ċneaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus ba ṁian leis an t-ocras a ḃaint de féin leis an mbrúscar bíḋ a ḃí ag tuitim de ḃórd an ḟir ṡaiḋḃir, agus ní taḃarfaí ḋó é; agus ṫagaḋ na gaḋair agus do liġdís a ċréaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 16:21
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċd a duḃairt sisi, Is fíor sin, a Ṫiġearna: giḋeaḋ fós iṫid no coilén cuid don ṡrúiġleaċ ṫuiteas ó ḃórd a dtíġearnaḋ féin.


Aċd do ḟreagair sisi, agus a duḃairt sí ris, Is fíor sin, a Ṫiġearna: giḋeaḋ iṫid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileaċ na leanaḃ.


Aċd do ḃí duine boċd áirgiġe ann, dar Lás, do ḃí na luiḋe agá ġeatasan, lán do ċréaċduiḃ,


Agus tárla, go ḃfuair an duine boċd bás, agus gur iomċradar na haingil go huċd Abraṁam é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saiḋḃir bás, agus do haḋluiceaḋ é;


Agus an tan do sásaḋ iád, a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ féin, Cruinniġiḋ an sbruileaċ do ḃí diomarcuiġ, do ċum naċ raċaḋ éin ní amuġa.


Gus a namsa féin atámáoid ag faġáil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnoċdaiġ, agus gaḃṫar do ḋornaiḃ orainn, agus ní ḃfuil ionad coṁnuiḋe ar biṫ áiriġe aguinn;


A dtuirse agus a mbriseaḋ croiḋe, a ḃfáire go minic, a nócarus agus a níotuin, a dtroisgṫiḃ go minic, a ḃfúaċd agus a lomnoċduiġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ