15 Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.
15 Agus duḃairt sé leo: Is siḃ-se an dream a ġní síḃ féin cóir i ḃfiaḋnaise na ndaoine, aċt is eol do Ḋia ḃur gcroiḋṫe; óir an níḋ a ḃíos árd i meas daoine, bíonn sé fuaṫṁar i láṫair Dé.
15 Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.
15 Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.
Atá a ḟios agam mar an gcéadna, ó mo Ḋía, go ḃféaċann tusa an croiḋe, agus go ḃfuil sólás agad annsa ḃfíréantaċd. Ar mo ṡonsa, a nionnracus mo ċroiḋe dofráil mé na neiṫesi uile go toileaṁuil: agus do ċonnuirc mé anois maille re gáirdeaċus do ṗobal, noċ atá a laṫair annso, ag ofráil go toileaṁuil duitsi.
Annsin cluinsi ó neaṁ hionad coṁnuiḋe féin, agus maiṫ, agus taḃair do gaċ áonduine do réir a ṡliġṫeaċ uile, noċ a ḃfuil fios a ċroiḋe agad; (óir is agadsa aṁáin atá fios croiḋṫeaċ ċloinne na ndaóine:)
Agus a nois goirmid sona don núaiḃreaċ; aseaḋ, atá an luċt oibriġios urċóid ar na ccur súas; fós, atá an luċt ċuirios caṫuġaḋ ar Ḋia atáid ċeana ar na saóraḋ.
Aċd ċeana is do ċum go ḃféaċfaidís dáoine órrṫa do níd síad a noibriġṫe uile: óir do níd síad a ḃṗiolactériġe leaṫna, agus do níd síad imeal a neaduiġeaḋ taiḋḃseaċ.
Agus an tan do niṫi trosgaḋ, na biḋiḋ grúama, mar luċd an ḟúarċraḃáiḋ: óir dorċuiḋid siád a naiġṫe, do ċum go maḋ follus dona dáoiniḃ iád do ṫrosgaḋ. A deirimsi riḃ go fírrineaċ, Go ḃfuil a ttúarasdal aca.
Ar a naḋḃarsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luċd an ḟúarċráḃaiġ ann sna sionagógaiḃ agus ann sna sraideannaiḃ, do ċum go ḃfuiġidís glóir ó ḋaóiniḃ. Go firinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarasdal aca.
Agus an tan do ní tú urnuiġe, na bi mar luċd an ḟúarċrábbaiġ: óir is ionṁain léo urnuiġṫe ḋeúnaṁ sna sionagógaiḃ agus a gcoṁrac na ród na seasaṁ, do ċum go ḃfaicfidis na dáoine iád. Go deiṁin a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarusdal aca.
Agus a duḃairt an Tiġearna rís, Go deiṁin do ní siḃse a ṗairisineaċa an táoḃ amuiġ don ċupan agus don ṁéis glan; aċd atá an táoḃ a sdiġ ḋíḃ lán do ṡracaireaċd agus dolc.
Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.
Agus ag taḃairt aire ris, do ċuireadar luċd braṫa, do léigfeaḋ orrṫa féin a ḃeiṫ na ḃfiréin, ionnus go ngreameóċaidis air a ċoṁráḋ, do ċum a ṫaḃarṫa do ċuṁaċd agus duġdarrás a nuáċdaráin.
A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.
Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.
Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe.