Lúcas 16:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Agus a duḃairt sé fós ré na ḋeisciobluiḃ, Do ḃí duine saiḋḃir áiriġe ann, aga raiḃ sdíoḃard; agus do rinneaḋ casasoid ris air, gur ḋíoṁáil sé a ṁaóin. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)1 Agus duḃairt sé fosta le n-a ḋeisciobail: ḃí duine saiḋḃir áiriṫe ann a raiḃ stiuḃard aige, agus rinneaḋ casaoid leis air gur ċuir sé a ṁaoin amuġa. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus aduḃairt sé fós le n‐a ḋeisceablaiḃ, Do ḃí duine saiḋḃir ann, agus do ḃí maor aige; agus do‐rinneaḋ gearán leis ’n‐a ṫaoḃ, go raiḃ sé ag cur a ṁaoine amuġa. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)1 Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ḃí duine saiḋḃir ann agus ḃí stíḃard aige, agus do h-innseaḋ do, ’n-a ṫaoḃ, go raiḃ sé ag sgaipeaḋ a ċoda. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus do ċruinniġ Dáiḃi go Hierusalem prionnsaḋa Israel uile, prionnsaḋa na ttreaḃ, agus caiptíniġ na ccuideaċd do níoḋ miniostralaċd don ríġ ré sealuiġeaċd, agus caiptíniġ ós cionn na mílteaḋ, agus caiptíniḋ ós cionn na ccéad, agus na feaḋmannuiġ ós cionn máoine agus seilḃe an ríġ uile, agus a ṁac, maille ris na hoifigeaċaiḃ, agus ris na daóiniḃ curata, agus na daoíne gaisgeaṁla uile.