Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus ar na faġáil do, cuiriḋ sé go luaṫġáireaċ, í ar a ġuáilliḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus nuair a ġeiḃ sé í, naċ gcuireann sé ar a ġuailne fá lúṫġáir í,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus nuair do‐ġeiḃ sé í, tógann sé ar a ġuailniḃ í, agus luṫġáir air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus nuair a ġeiḃeann sé í tógann sé ar a ġuailliḃ í, agus áṫas air,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:5
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus goirfid síad díoḃ, An pobal naoṁṫa, fúascailtiġe an TIĠEARNA: agus goirfiġear ḋíotsa, Ar na hiarruiḋ amaċ, Caṫair naċ ar tréigeaḋ.


Oir aṁuil ṗósas ógánaċ maiġdion, is marsin ṗósuid do ṁic ṫusa: agus mar ġáirdiġeas an fear núaḋṗosta ós a ṁnaói núadṗósta, marsin ġáirdiġeas do Ḋía ós do ċionnsa.


Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.


An ḃfuil sólás ar biṫ ḋaṁsa an ciontaċ dfaġáil ḃáis? a deir an Tiġearna DIA: agus naċ go ḃfillfeaḋ sé ó na ṡliġṫiḃ, agus go mairfeaḋ sé?


Abair ríu, Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ḃfuil sólas ar biṫ agamsa a mbás an ċiontuiġ; aċt go ḃfilleaḋ an ciontaċ ó na ṡliġe agus go mairiḋ sé: filliḋse, filliḋse ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ; óir cred as a néugfaḋ siḃ, a ṫiġ Israel?


¶ Agus seasfuiḋ sé agus biaṫfuiḋ sé a neart an TIĠEARNA, a mórḋaċd anma an TIĠEARNA a Ḋía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáiḋ sé mór go foirċeann na talṁan.


¶ Cía an Día atá cosṁuil riotsa, ṁaiṫeas éigceart, agus léigios ṫairis sáruġaḋ íarsma a oiġreaċda? ná ċongṁann sé a ḟearg ċoiḋċe, do ḃríġ go ndúiliġionn sé a ttrócaire.


Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.


Aċd do buḋ cóir ḋúinn sugaċas, agus forḃáilteaċas do ḋéanaṁ; tré go raiḃ an dearḃaṫairsi agadsa tar éis ḃáis, agus gur aiṫḃéoḋuiġ sé; agus go ndeaċ aiḋ sé a muġa, agus gur fríṫ a ris e.


Cía agaiḃsi duine, agá ḃfuil céad cáora, agus do léigfeaḋ áon díoḃ a muġa, naċ ḃfágann na naói gcaóiriḋ déug agus ceiṫre fiċid ar an ḃfásaċ, agus naċ dtéid a ndiáiġ na caoraċ úd do ċúaiḋ a muġa, nó go ḃfafann sé í?


Agus ar dteaċd dá ṫiġ ḋó, goiriḋ se a ċáirde agus a ċoṁarsain a geanna ċéile, ag ráḋ ríu, Déanuiḋ luaṫġáire leamsa; óir fuáir mé mo ċáora do ċuáiḋ a múġa.


Agus a duḃairt Iósa ris, A niuġ ṫárla sláinte don tiġsi, do ḃríġ do ḃfuil seisean fós na ṁac ag Abraham.


Agus a duḃairt Iósa ris, A deirim riot go firinneaċ, Go mbia tú am ḟoċair a niu a bpárrṫas.


A duḃairt mé na neiṫe so riḃ, ionnus go ḃfanfeaḋ mo ġáirdeaċus ionnuiḃ, agus go mbiaḋ ḃur ngairdeaċus lán.


Oír as sinne a obairsion, air a gcrúṫuġaḋ a Níosa Críosd ċum déaġoibriġeaḋ, noċ do ullṁuiġ Día roiṁ láiṁ, ċum sinne do ṡiuḃal ionnta.


Ar a ndearnaḋ minisdir ḋíomsa, do réir ṫioḋluice ġrás Dé tugaḋ ḋaṁ maille ré hoibriuġaḋ bríoġṁar a ċúṁaċdsan.


Oír ní a mbréiṫir aṁáin do ḃí an soisgéul do rinneamar a ṡeanmóir ḋaóiḃse, aċd sa Sbiorad Náoṁ, agus a láindearḃṫaċd; do réir mar as aiṫniġ ḋíḃ an gléus ann a raḃamar ḃur measg ar ḃur sonsa.


Agus teaċd ar a nais, ó ḋul an díaḃail, agá ḃfuilid gaḃṫa mar is áill leis féin.


Ag féuċuinn ar Iósa ceannṗort agus fear críoċnuiġe an ċreidiṁ; noċ ar son an tsóláis do cuireaḋ as a ċoṁair do ḟúlaing céusaḋ na croiṫe, ag gcur na masla a neaṁṡuim, agus do ṡuiġ ar deis árdċaṫaóire Dé.


Ċúṁduiġṫear ré neart Dé tré ċreideaṁ ċum slánuiġe atá ullaṁ ré a ḟoillsiuġaḋ sa naimsir ḋeiġeanuiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ