Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃhairt an taṫair ré na ṡearḃoġantaiḃ, Taḃruiḋ an ċuluiḋein is fearr liḃ, agus cuireiḋ uime í; agus cuiriḋ fainne air a láiṁ, agus bróga air a ċosaiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus duḃairt an t-aṫair le n-a ṡeirḃísiġ: Taḃairigid amaċ annseo go tapaiḋ an ċulaiṫ is feárr, agus cuirigiḋ air í, agus cuirigiḋ fáinne ar a láiṁ, agus bróga ar a ċosa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt aduḃairt an t‐aṫair le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Beiriḋ amaċ láiṫreaċ an ċulaiṫ is fearr, agus cuiriḋ air í; agus cuiriḋ fáinne ar a ṁéir agus bróga ar a ċosaiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus duḃairt an t-aṫair le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ, Brostuiġiḋ agus tugaiḋ amaċ an ċulaiṫ éadaiġ is fearr agus cuiriḋ uime í, agus cuiriḋ fáinne ar a láiṁ, agus bróga ar a ċosaiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:22
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeán Ṗárao a ḟáinne dá láiṁ, agus do ċuir sé ar láiṁ Ióseṗ é, agus do ċuir sé culaiḋ ṡíoda uime, agus do ċuir slaḃra óir fa na ḃraġuid.


Agus do ḃean an ríġ a ḟáinne ḋá láiṁ, agus ṫug sé é do Háman ṁac Ammedata an Tagagiteaċ, naṁuid na Niúduiġeaḋ.


Agus do ḃain an ríġ a ḟainne ḋe, noċ do ḃain sé do Háman, agus ṫug sé do Ṁordecai é. Agus do ċuir Ester Mordecai ós cionn tiġe Háman.


Agus fós éideoċuiḋ mé a sagairt ré slánuġaḋ: agus do ḋéanaid a naóiṁ gáirdeaċus ré lúaṫġáire.


Bídis do ṡagairt éaduiġṫe le fíréantaċd; agus déindís do naóiṁ lúaṫġáire.


Noċ do ní mo ċosa ionann ré cosuiḃ na neilteaḋ, agus ṡuiġios mé ar mionaduiḃ árda.


Atá inġean an ríġ glórṁar uile taoḃ a stiġ: is dórṡnáiṫe a cúlaiḋ.


Cred é sgéiṁe do ċos go mbrógaiḃ, ó a inġean an ṗrionnsa! atáid ailt do láirgeaḋ aṁuil séuda dobair láṁ ċéarda ġlic.


Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.


Agus a duḃairt an mac ris, A aṫair, do ṗeacaiġ méa naġuiḋ neiṁe, agus ad ḟiaḋnuisisi, agus ní fiu mé feasda do ṁacsa do ġairim ḋiom.


Agus tuguiḋ liḃ agus marḃuiḋ, an láoġ bíaḋta; agus caiṫeam biaḋ, agus bíom go súgaċ:


Aċd cuiriḋ umuiḃ an Tiġearna Iósa Críosd, agus ná bíoḋ cúram na colla oraíḃ, a míangusuiḃ.


Ceart Dé a deirim tré ċreideaṁ Iósa Críosd dá gaċ áonduine agus ar gaċ áon ċreideas: óir ni ḃfuil eidirḋéaluġaḋ ann:


Oír níor ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad na seirḃíse a rís ċum eagla; aċd do ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad aṫarġaḋ na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Aṫair.


Oír an ṁeid aguiḃ do baisdeaḋ a Gcríosd do ċuireaḃair Críosd iomuiḃ.


Agus brogan ullṁuiġṫe ṡoisgéil na sioṫċána fá ḃur gcosaiḃ;


Béid do ḃróga díarann agus do ṗrás; agus mar ḃías do láeṫe, is mar sin ḃías do neart.


Agus tugaḋ ḋi í féin do éuduġaḋ do línéudaċ toġṫa, glan deallruiġeaċ: óir a sé is línéudaċ toġṫa ann fíréuntaċd na náoṁ.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.


Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit.


Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan.


Tar a éise sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, buiḋean mór, nár ḃéidir déinneaċ áireaṁ, do gaċ uile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṗubail, agus ṫeanguiḋ, na seasaṁ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfiaḋnuise a Nuáin, umá raḃadar róbuiḋe fada gleiġeala, agus pailm ann a laṁuiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ