Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus deiriġ sé, agus do ċuáiḋ sé dionnsuiġe a aṫaar. Agus ar mbeiṫ fós a gcíanúaḋ ḋó do ċonnaire a aṫair é, agus do ġaḃ truáiġe ṁór ḋó é, agus ag riṫ ḋó, do ċrom sé fá na ḃráġuid, agus do ṗóg sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus d’éiriġ sé agus ṫáinic ag triall ar a aṫair. Agus ċonnaic a aṫair é, nuair a ḃí sé go fóill i ḃfad uaiḋ, agus bogaḋ le truaiġe é, agus ag riṫ ċuige dó, ċrom sé fá n-a ṁuinéal, agus póg sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’éiriġ sé agus ṫáinig sé ċum a aṫar. Aċt do ċonnaic a aṫair é, agus é fós i ḃfad uaiḋ, agus do ġaḃ truaġ ṁór dó é, agus do riṫ sé, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid, agus do ṗóg sé é go dil, díocra.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé fé ḋéin a aṫar. Agus an ḟaid a ḃí sé fós aḃfad uaiḋ, do ċonaic an t-aṫair é, agus ṫáinig ana-ṫruaġ aige ḋó, agus do riṫ sé ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid agus do ṗóg sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:20
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do riṫ Esau na ċoinne, agus do ṫeann ris é, agus do luiḋ ar a ṁuinéul, agus do ṗóg é: agus do ġuileadur.


Agus do luiḋ sé ar ṁuinéul a ḋearḃráṫar Beniamin, agus do ġuil; agus do ġuil Beniamin ar a ṁuinéul san.


Agus do rinne Ióseṗ a ċarbad réiġ, agus do ċuaiḋ súas do ṫeagṁáil ar Israel a aṫair, go Gosen, agus do ṫais béin é féin do; agus do laiġ ar a ṁuinéul, agus do ġuil ar a ṁuinéul tamall maiṫ.


Ann sin ṫáinic Ióab ċum an ríġ, agus dinnis sé sin dó: agus an tan do ġoir se ar Absolon, ṫáinic sé ċum an ríġ, agus do léig sé é féin síos ar aġaiḋ go taluṁ as coinne an ríġ: agus do ṗóg an ríġ Absolon.


Aċt atá tusa, a ṪIĠEARNA, Día trócaireaċ, grásaṁuil, ag fulang a ḃfad, agus lán do ṫrócaire agus dfírinne.


Oír tusa, a ṪIĠEARNA, atáoi maiṫ agus maiṫfeaċ; agus ro ṫrócaireaċ don luċd ġairios ort.


An ḃféadann bean leanaḃ a cíċ do ṫréigion, as naċ bíaṫ trúaiġe aice do ṁac a bronn? a seaḋ, féaduid síad a ḋearmad, giḋeaḋ ní ḋearmodfa misi ṫusa.


Do ċonnairc mé a ṡliġṫe, agus leiġeosuiḋ mé é: tréoroċuiḋ mé é fós, agus aiseoga mé coṁḟurtaċda ḋó féin agus dá ċaóinteaċaiḃ.


An é Eṗraim mo ṁac díleas? an leanaḃ sólásaċ é? óir ó nuáir fár láḃair misi na aġuiḋ, cuiṁniġim go dúṫraċtaċ air a ccoṁnuiḋe: uimesin atáid minniḋe buáiḋearṫa ar a ṡon; go deiṁin do ḋéana mé trócaire air, a deir an TIĠEARNA.


¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.


Agus ní fíu mé feasda do ṁacsa do ġairm ḋióm: déana mé mar áon dod luċd ṫúarasduil.


Agus a duḃairt an mac ris, A aṫair, do ṗeacaiġ méa naġuiḋ neiṁe, agus ad ḟiaḋnuisisi, agus ní fiu mé feasda do ṁacsa do ġairim ḋiom.


Oír is dáoiḃsi do rinneaḋ an geallaḋ, agus dá ḃar gcloinn, agus dá gaċ nduine a ccían, eaḋon gaċ áon ġoirfeas ar Dtiġearna Día.


Ann sin do ġuileadar uile go mór, agus ag luiġe ar ṁuinéul Ṗóil, do ṗógadar é,


Aċd a nois a Níosa Críosd atá siḃse ḃi ar uáiriḃ neaṁċóṁgaracg ar ḃur ndéunaṁ coṁgaraċ tré ḟuil Ċríosd.


Agus ar dteaċd ḋó do ṡoisgéil sé sioṫċáin diḃse náċ raiḃ na ċoṁgar, agus don druing do ḃí na ċoṁgar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ