Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus an tan do ċuiṁniġ sé air féin, a duḃairt sé, Gá ṁéd luċd túarasdail maṫarsa agá ḃfúil iomarcaiḋ aráin, agus misi ag dul a muġa le gorta!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus ag cuiṁniuġaḋ air féin dó, duḃairt sé: Cad é a ḃfuil de luċt tuarastail i dtiġ m’aṫar agus a sáiṫ aráin acu, agus tá mise annseo ag faġáil ḃáis leis an ocras.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Aċt nuair do ċruinniġ sé a ṁeaḃair, aduḃairt sé, Naċ iomḋa searḃónta atá ag m’aṫair agus breis agus a ndóṫain aráin aca, agus mise annso ag fáġáil ḃáis le h‐ocras!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus do ṁaċtnaiṁ sé i n’aigne agus duḃairt sé: Cad a ḃfuil de luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ i dtiġ m’aṫar agus a ndóiṫin aráin acu, agus mise anso ag fáġail ḃáis do’n ġorta!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:17
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ṁeas mé mo ṡliġṫe, agus do iompóiġ mé mo ċosa ċum ṫfíaġnuiseaḋa.


Mar aisling tar éis duine do ṁúsclaḋ; mar sin, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṁúisceolus tusa, do ḋéanair a níoṁáiġ do ṫarcuisniuġaḋ.


Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.


Go deiṁin tar éis mfillte, do ḃí aiṫreaċus orum, agus tar éis mo ṫeagaisce do ḃuáil mé ar mo ċeaṫraṁuin: do ḃí mé náireaċ, a seaḋ, fós do ḃí mé claóiḋte, do ḃríġ gur iomċuir mé masla móige.


Do ċuiṁniġ Ierusalem a láeṫiḃ a háindeise agus a boċtuine ar a huile neiṫiḃ sólasaċa do ḃí aice annsna láeṫiḃ a nallód, an tan do ṫuiteadar a daoine a láiṁ a náṁad, agus nar ċuidiġ duine ar biṫ ría: do ċonncadar a naiṁde í, agus do rinneadar magaḋ fa na sabbóidiḃ.


Do bríġ go measann sé, agus go ḃfilleann ó na uile ṗeacuiḋiḃ dá ndéarna sé, gan aṁarus mairfiḋ sé, ní ḃfuiġe sé bás.


Agus leanfa sí a ndiáiġ a háosgráḋ, aċt ni ḃéara sí orra; agus iarrfuiḋ sí íad, aċt ní ḃfuiġe sí íad: annsin a déara sí, Imeoċa mé agus fillfiḋ mé ċum mo ċéidḟir; óir do bfeárr do ḃáḋ agam a núair sin ná a nois.


Agus bá ṁian leis a ḃlog do Líonaḋ do na féiṫéoguiḃ do na muca: agus ní ṫugaḋ éanduine ḋó íad.


Agus ar mbeiṫ ḋó a nifearn a bpíanuiḃ do ṫóg sé a ṡúile súas, agus do ċunnairc sé Abraham a ḃfád Uaḋ, agus Lasarus ann a uċd.


Agus do ċúadarsan amaċ dféaċain an neiṫ do rinneaḋ; agus tangadar dionnsuiġe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeaċadar na deaṁuin, a na éaduġaḋ, agus é ar deaġċeill, na ṡuiḋe ag cosaiḃ Iósa: agus go ġaḃ eagla íad.


Agus ar dteaċd do Ṗeadar ċuige féin, a duḃairt sé, A nois atá a ḟios agum go dearḃṫa, gur ċuir an Tiġearna a aingeal úaḋ, agus gur ṡáor sé mé ó laiṁ Iorúaiḋ, agus ó uile ċoiṁéud an ṗobail Iúdaiġe.


Agus ar na ċloinsin so ḋóiḃ, do goineaḋ ann a gcroiḋe íad, agus a duḃradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluiḃ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, créud do ḋéunam?


Uime sin a deir sé, Músguil a ḋuine átá ad ċodlaḋ, agus éiriġ ó na ṁarḃuiḃ, agus do ḃéura Críosd solas duit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ