Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus do imiġ sé roiṁe agus do ċeangal sé e fein do ċaiṫruiġṫeóir don tír sin; noċ do ċuir fána ḋúitċe a maċ é do ḃúaċuilleaċd muc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus d’imṫiġ sé agus ġreamuiġ de ḋuine de ṁuinntir na tíre sin. Agus ċuir seisean go dtí a ḟeirm é, a ḃeaṫuġaḋ muc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé ar aimsir le duine de luċt áitreiḃ na tíre sin; agus do ċuir seisean amaċ é fá’n tír ag buaċailleaċt muc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’imṫiġ sé agus do réiḋtiġ sé le duine de ṁuintir na tíre sin. Agus do ċuir seisean é amaċ ċun a ċod’ tailiṁ ag coṫú ṁuc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:15
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus a naimsir a aindesi do ċiontuiġeaḋ sé fós ní sa ṁó a naġaiḋ an TIĠEARNA: an ríġsi féin Ahas.


Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.


¶ Cred as a mbuailfiḋe siḃ ní sa ṁó? fillfiḋe nisa ṁó agus ní sa ṁó: atá an ceann uile tinn, agus an croiḋe iomlán lag.


Arson éigceart a ṡainte iseaḋ do ḃí mé feargaċ, agus do ḃuáil mé é: dfoluiġios mé féin, agus do ḃí mé feargaċ, agus do ċuáiḋ seision ar aġaiḋ go dona a sliġe a ċroiḋe.


O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ.


Ṫusa fós, rug breaṫ air do ḋeirḃṡeaṫraċaiḃ, iomċair do náire féin arson do ṗeacaiḋ do rinne tú ní as aḋḟúaṫṁaire ná íadsan: is ro ionnraca íad ná ṫusa: aseaḋ, náiriġṫear ṫusa fós, agus iomċair do náire, do ḃríġ gur ḟíréunuiġ tú do ḋeirḃṡeaṫraċa.


Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.


Agus teilgfiḋ mé salċar aḋḟuaṫṁar ort, agus do ḋéana mé beagluáiġ ṫú, agus suiḋeoċa mé ṫú aṁuil baldluṫḟeaċuin.


Uime sin fós do rinne mé siḃsi tarcuisneaċ agus dímeasta as coinne a nuile ṗobal, do réir mar nár ċoiṁéadaḃair mo ṡliġṫe, aċt go raḃaḃair leaṫrannaċ annsa dliġeaḋ.


Na taḃraiḋ an ní naóṁṫa do ṁadruiġiḃ, agus na teilgiḋ ḃur gcloċa úaisle a ḃfíaḋnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrṫa lé na gcosuiḃ, agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ go dtarroingaidís siḃ féin as a ċéile.


Agus tar éis ḃeagáin aimsire ag cruinniuġaḋ a ċoda uile don ṁac dob óige, do ċúaiḋ sé air coigcriġ adtalaṁ imċían, agus do ḋiombail sé ann sin a ṁaóin lé na ḃeaṫaiḋ baoṫ-ċaiṫfiġ.


Agus tar éis a ċoda uile do ċaiṫeaṁ ḋo, déirih gorta roṁór ann sa tir sin; agus do ṫosaiġ seision ar ḃeiṫ a ríaċdanas.


Agus bá ṁian leis a ḃlog do Líonaḋ do na féiṫéoguiḃ do na muca: agus ní ṫugaḋ éanduine ḋó íad.


Aċd a nois ar mbeiṫ ḋáoiḃ ar ḃur sáoraḋ ó ṗeacaḋ, agus ar ḃur ndéunaṁ ḃur seirḃiseaċuiḃ dó Ḋía, atá toraḋ aguiḃ ċum náoṁṫaċda, agus an ċríoċ ḋeiġeanaċ an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ.


Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ