Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus tar éis ḃeagáin aimsire ag cruinniuġaḋ a ċoda uile don ṁac dob óige, do ċúaiḋ sé air coigcriġ adtalaṁ imċían, agus do ḋiombail sé ann sin a ṁaóin lé na ḃeaṫaiḋ baoṫ-ċaiṫfiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus i gcionn beagán laeṫe ina ḋiaiḋ sin, ar ċruinniuġaḋ a ċoda go léir le ċéile do’n ṁac a b’óige, ċuaiḋ sé ar an ċoigċríċ go tír í ḃfad i gcéin, agus scaip sé a ṁaoin annsin ag caiṫeaṁ a ṡaoġail le droḃlas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus tamall beag ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃailiġ an mac do b’óige a ċuid le ċéile, agus d’imṫiġ sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a ċuid le ragairne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus tar éis beagán laeṫanta do ḃailiġ an mac ab óige ċuige a ċuid go léir, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta aḃfad ó ḃaile, agus do sgaip sé a ċuid le baois agus le rabairne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:13
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír, féuċ, an luċt ṫéid a ḃfad uáit meiṫfid síad: scriosfair gaċ áon dá ttéid ré stríopaċus uáit.


An té fós ḃíos leasg iona obair is dearḃraṫair é don ṁillteóir ṁór.


An té ġráḋuiġios aoiḃnios biáiḋ sé na ḋuine ḃoċt: an té ġráḋuiġios fion agus ola ní ḃíaiḋ sé saiḋḃir.


Atá ionnṁus ann is cóir díarruiḋ agus ola a náitreaḃ an duine ġlic; aċt caṫaiḋ an duine éigcríonna súas é.


Aṁuil ṡeaċránuiġios éun ó na nead, is marsin don duine ṡeaċránuiġios ón áit féin.


Giḋ bé ċoiṁéadas an dliġeaḋ is mac glic é: aċt an té is companaċ do ḋaóiniḃ cráosaċa náiriġiḋ sé a aṫair.


Giḋ bé ġráḋuiġios a neagna lúaṫġáiriġ sé a aṫair: aċt an té ċongṁas cuideaċta do ṁéirdreaċaiḃ anċaiṫiġ sé a ṁaóin.


Oír tre ṁnáoi stríopaṁuil beirṫear duine ċum greama aráin: agus do ḋéana an ḃean aḋaltrannaċ fíaḋaċ ar an mbeaṫa ṁórluáiġ.


Ah a ċineaḋ ṗeacaċ, pobal trom lé héigceart, síol daóine míġníoṁaċ, clann atá na millteaċaiḃ: do ṫréigeadar an TIĠEARNA, do ḃrostuiġeadar an Táon Náoṁṫa Israel ċum feirge, do imṫiġeadar rompa ar a ccúl.


Agus féuċ gáirdeaċus agus lúaṫġáir, re marḃaḋ daṁ, agus re marḃaḋ cáoraċ, re iṫe feóla, agus re ól fíona: ġa raḋ, Iṫeam agus iḃiom; óir raċam déug a máraċ.


Téiġiḋ amaċ as a tsliġe, filliḋ do leaṫtaóiḃ as an ccasán, tugaiḋ ar Aon Naoṁṫa Israel cosg roṁuinn.


Tigiḋ uáiḃ, a deirid síad, do ḃéara misi fíon líom, agus líonfam sinn féin lé díġ láidir; agus biáiḋ a máraċ mar an ló a niuġ, agus ní sa ro ḟairsinge.


Oír ḋá olc do rinneadar mo ḋaóinesi; do ṫréigeadar misi tobar na nuisgeaḋ mbéo, agus do ṫoċladar ḋóiḃ féin tiubruide, tiubruide briste naċ ccongṁann uisge.


O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?


Marso a deir an TIĠEARNA, Cred an téagceart fúaradar ḃur naiṫre ionnamsa, as ar imṫiġeadar a ḃfad úaim, agus ar ṡiúḃladar ar lorg díoṁaóinis, agus as a ndéarnaḋ dioṁaoin íad?


O mo ṗobal, créd do rinne misi oruiḃ? agus créd ann a ndéarna mé tuirseaċ siḃ? fíaġnuiġiḋ féin am aġaiḋ.


Agus a duḃairt an ti dob oige aca ré na aṫair, Aṫair, taḃair ḋaṁ an ċuid roiṫeas misi dod ṁaóin. Aagus do roinn seision a ṁaóin eatorra.


Agus tar éis a ċoda uile do ċaiṫeaṁ ḋo, déirih gorta roṁór ann sa tir sin; agus do ṫosaiġ seision ar ḃeiṫ a ríaċdanas.


Aċd an tan ṫáinic an macsa agad, do ṡlug do ṁaóin a ḃfoċair ṁeirdreaċ, do ṁarḃ tú an láoġ bíaḋta ḋo.


Agus a duḃairt sé fós ré na ḋeisciobluiḃ, Do ḃí duine saiḋḃir áiriġe ann, aga raiḃ sdíoḃard; agus do rinneaḋ casasoid ris air, gur ḋíoṁáil sé a ṁaóin.


Aċd do ḃí duine saiḋḃir áirgiġe ann, agus is é bá héadaċ ḋó purpuir agus sioda, agus do ṫéiġeadḋ sé ċum bíḋ go roṡóġaṁuil gaċ laói:


Aċd a nois a Níosa Críosd atá siḃse ḃi ar uáiriḃ neaṁċóṁgaracg ar ḃur ndéunaṁ coṁgaraċ tré ḟuil Ċríosd.


Agus ar dteaċd ḋó do ṡoisgéil sé sioṫċáin diḃse náċ raiḃ na ċoṁgar, agus don druing do ḃí na ċoṁgar.


Agus do ġéuḃuid síad túarasdal na héugcora, mar an druing ṁeasas gur sáiṁe sóġ gaċ láoi. Buill ċáiḋeaċda ṡalċa, ḃíos lán dfonn ann a mealltóireaċd féin an tan ḃíd ḃur ḃfoċair ar ḟéusduiḋiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ