Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 14:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Ní ḃfuil féidim air ċum na talṁon, ná ċum a naóiliġ; teilid daoine amaċ é. Giḋ bé agá ḃfuilid clusa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Ní ḃíonn maiṫ ann do’n talaṁ, ná do’n ċarn aoiliġ, aċt caiṫfear amaċ é. An té a ḃfuil cluasa ċun éisteaċta air, éisteaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Ní ḟóġnann sé do’n talaṁ ná do’n ċarn aoiliġ: caiṫtear amaċ é. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ní’l tairḃe ann do’n talaṁ ná ċun aoiliġ; caiṫtear amaċ é. An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta cloiseaḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 14:35
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Gioḋ bé agá ḃfuil clúasa ċum éisdeaċda, eisdeaḋ sé.


An tí agá ḃfuil clúas éisdeaḋ se, créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an spiorud ris na heagluisiḋiḃ; An tí ḃeireas buáiḋ ní ḃfuiġe sé doċar ón dara bás.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.


Giḋ be naċ ḃfanfa ionnamsa, teilgfiṫear amaċ é mar géig, agus críonfuiḋ sé; annsin ċruinniġid daoine, agus cuirid sa teiniġ íad, agus loisgṫear íad.


Taisgiḋ na bríaṫrasa ann ḃur gcluasaiḃ: óir tiofuiḋ ċum ċríċe go dtioḃarṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndaóine.


Agus do ṫuit cuid eile a dtalaṁ ṁaiṫ, agus an tan do ḟás sé, tug sé toraḋ céadaċ úaḋ. Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiġ sé, Giḋ be agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.


Giḋ bé agá ḃfuillid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaġ sé.


Giḋ bé neaċ agá ḃfuilíd clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.


Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris, A ṫiġearna, leíg ḋó ar an mbliaḋainsi mar an gcéadna, nó go roṁraḋ mé na ṫimċeall, agus go gcnire mé áoileaċ fáoi:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ