Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 14:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do ṫionnsgnadar uile dáonġuṫ a leiṫsgéul do ġaḃáil. A duḃairt an céadduine ris, Do ċeannaiġ mé fearann, agus is éigin daṁ ḋul amaċ agus a ḟéaċain: íarruim ort gaḃ mo leiṫsgéul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus ṫoisiġ siad uilig i n-aoinḟeaċt a ḋéanaṁ leiṫscéil. Duḃairt an ċéad duine leis: Ċeannuiġ mé feirm, agus caiṫfiḋ mé dul amaċ, agus é d’ḟeiceáil; iarraim ort mo leiṫscéal a ġaḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do ṫosnuiġeadar go léir d’aon ġuṫ, ar a leiṫscéal do ġaḃáil. Aduḃairt an ċéad duine leis, Atá giota talṁan ceannuiġṫe agam agus ní mór dom dul agus é d’ḟeicsin: iarraim ort mo leiṫscéal do ġaḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus ċromadar go léir i n-aonḟeaċt ar leaṫsgéal do ġaḃáil. Duḃairt an ċéad duine, Tá tiġ ceannuiġṫe agam, agus ní mór ḋom dul amaċ ’ġá ḟeisgint: iarraim ort mo leaṫsgéal a ġaḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 14:18
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cía ré a laiḃeora misi, agus dá ttiuḃra mé raḃaḋ, ċor go ccluinnfid? féuċ, atá a cclúas gan timċillġearraḋ, agus ní ḟéaduid síad éisteaċt: féuċ, is masla ḋóiḃ bríaṫar an TIĠEARNA; ní ḃfuil dúil aca innte.


Agus do ċuir sé a ṡearḃḟoġantaiḋ a nam suipéir dá ráḋ ris an muinntir fuáir cuireaḋ, Tiagiḋ: Oir atáid na huile neiṫe a nois ullaṁ.


Agus a duḃairt fear eile, Do ċéannaiġ mécúig cuingealuiġ do ḋaiṁuiḃ, agus atáim ag dul dá ndearḃaḋ íaruim ort gaḃ mo gaḃ mo leiṫssgéul.


Agus an tan do ċunnairc Iósa go ráiḃ sé lán do ḋobrón, a duḃairt sé, Créd é a ḋeacraċd do na dáoiniḃ sáiḋḃre dul a sdeaċ a rioġaċd Dé!


Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.


Dionnsuiġe a ċoda féin ṫáinic sé, agus níor ġaḃadar a ḋáoine féin ċuca é.


Agus ní háill liḃ teaċ ċugam, do ċum go ḃfuiġeaḋ siḃ an ḃeaṫa.


Bíoḋ gur féidir leamsa fós ḃeiṫ muiniġineaċ as an ḃfeóil. Má ṡaóileann éinneaċ eile go ḃféudann sé muiniġin do ċur sa ḃfeóil, as mó ná sin ḟéudaimsa:


Oír do ṫréiġ Démas mé, ar dtáḃairt ġráḋa don tsáoġalsa a láṫair, agus do imṫiġ sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.


Agus fillfid síad a gclúasa ón ḃfírinne, agus geillfid do sgéultuiḃ fáḃuill.


Deagla go mbíaḋ éinneaċ na sdríopuiġ, ná neiṁḋíaġa, mar Esau, noċ do reac a ċeart óiġreaċda ar son éinċinn aṁáin bíḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ