Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 14:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus fós a duḃairt sé ris an té ṫug cuireaḋ ḋó, An tráṫ do ḋéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do ċáirde ná do ḋearḃraiṫre, ná do ḋáoine gáoil, ná do ċoṁ arsanna saiḋḃre; ar eagla go dtioḃraḋ siadsan fós cuireaḋḋuitse arís, agus go ḃfúoġṫeá an ċomáoin ċéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus duḃairt sé fosta leis an té a ṫug cuireaḋ dó: Nuair a ġní tú dinnéar nó suipéar, ná goir dó ċáirde, ná do ḃráiṫre, ná do ġaolta, ná do ċóṁarsanaiġ saiḋḃre, ar eagla go dtaḃaraḋ siad-san cuireaḋ ṫar ais duit-se, agus go mbéaḋ a aisíoc agat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus aduḃairt sé leis an té ṫug an cuireaḋ ḋó, Nuair do‐ḃéarfair dínnéar nó séire, ná glaoḋ ar do ċáirdiḃ, ná ar do ḃráiṫriḃ, ná ar do ġaoltaiḃ, ná ar do ċóṁarsanaiḃ saiḋḃre; ar eagla go dtaḃarfaidís‐sean cuireaḋ ḋuit‐se ’n‐a ḋiaiḋ sin, agus go ndíolfaiḋe an cóṁar leat.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus duḃairt sé leis an t-é a ṫug an cuireaḋ ḋó féin: Nuair a ḋéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoiḋ ar do ċáirdiḃ, ná ar do ḃráiṫre, ná ar do ġaolta, ná ar do ċóṁarsanaiḃ saiḋḃre, le h-eagla dtaḃarfaidís sin cuireaḋ ṫar a ċeann duit-se, agus go dtaḃarfaí do ċuid ṫar n-air duit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 14:12
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fúaṫuiġṫear an boċt ċeana ó na ċoṁarsuin féin: aċt bí mórán carad ag an tsaiḋḃir.


An té ṡáruiġios an boċt do ṁéaduġaḋ a ṡáiḋḃriosa féin, agus an té do ḃeir don tsáiḋḃir, tiucfuiḋ sé go deiṁin ċum ríaċdanuis.


Oir na ḃíonn gráḋ agaiḃ don ṁuinntir agá ḃfuil gráḋ ḋáoiḃ, creud é an lúaiḋeaċd do ġéuḃṫaói? a né naċ déunaid na Publiocáin an ni ceúdna?


Do líon sé na dáoine ocraċa lé, neiṫiḃ maiṫe; agus do ċuir sé úaḋ na dáoine saiḋḃre foluṁ.


Agus do ċúaladar a coṁarsain agus a dáoine gáoil, gur ḟoillsiġ an Tiġearna a ṫrócaire ṁór féin di; agus do rinneadar gáirdeaċus má ráon ria.


Oír giḋ bé árduiġeas é féin ísleóċṫar é; agus giḋ bé ísliġeas é féin, áirdeóċṫar é.


Aċd an tan do ní tú féasda, goir na boiċd, na dáoine ciorṫuimeaċa, na bacaiġ, agus na doill:


Aċd dfáġail an ċúitiġ ċéudna, (laḃruim aṁuil rém ċloinn,) biġiḋse fairsing mar an gcéudna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ