Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 O a Ierusalém, á Ierusalém, noċ ṁarḃas na fáiġe, agus ġaḃas do ċloċaiḃ ar na dáoiniḃ ċurṫar ċugad; gá ṁioncaċd bá mían leam do ċlann do ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fá na sgioṫánuiḃ, agus níor ḃáill liḃ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 A Ierusalem, a Ierusalem, a ṁarḃas na fáiḋe, agus a ġaḃas do ċloċa ionnta sin a ċuirtear ċugat, cad é a ṁiniciġe a ba ṁian liom do ċlann a ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an t-éan a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus ḋiúltuiġ tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 A Iarúsalem, a Iarúsalem, ṁarḃas na fáiḋe, agus ġaḃas de ċloċaiḃ orṫa‐san a curtar ċugat! cad é a ṁiniciġe dob’ áil liom do ċlann do ċruinniú le ċéile, mar ċruinnuiġeas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciaṫánaiḃ, agus níorḃ áil leat é!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a ṁarḃuiġeann na fáiḋe, agus a ġaḃann do ċloċaiḃ ar na daoine a curtar ċúġat, cad é a ṁinice dob’ áil liom do ċlann a ċruinniú, mar a ċruinniġeann an t-éan a h-ál fé n-a sgiaṫánaiḃ, agus níos ḃ’áil leat!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:34
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫairis sin do ḃádar easúṁal, agus do ċaṫuiġeadar ad haġaiḋsi, agus do ṫeilgiodar do ḋliġeaḋ táoḃ ṡíar dá ndruim, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe noċ do níoḋ fiaḋnuise na naġaiḋ dá bfilleaḋ ċugadsa, agus do oibriġeadar glúasaċta móra.


Giḋeaḋ diomċuir tusa léo ar feaḋ móráin blíaḋan, agus dfiaḋnuiġ tú na naġaiḋ led spiorad ann ṫfáiġiḃ: aċd nior éisteadar: uimesin ṫug tú íad a láiṁ ṁuinntire na duiṫċe.


Déanaḋ Israel lúaṫġáire iona crúṫaiġṫeóir: déindís clann Ṡíon sólás ann a Ríġ.


Coiṁéad mé mar ṁeall na súl, foluiġ mé faói scáile do sciaṫán,


Cred é oirḋearcus do ṫrócaire a Ḋé! air a naḋḃar sin cuirfid mic na ndáoine a ndóiġ a scáile do sciaṫán.


Bi trócaireaċ ḋaṁ, a Ḋé, bí trócaireaċ ḋaṁ: óir is ionnadsa atá dóiġ manma: agus a scáile do sciaṫán ḃías mo ḋóiġ, nó go ndeaċaiḋ na huilcsi ṫorum.


O dá néistfedís mo ḋáoine riomsa, dá siuḃlaḋ Israel ann mo ṡliġṫiḃ!


Ré na sciaṫán foileoċaiḋ sé ṫú, agus fa na sciaṫánaiḃ ċuirfios tú do ḋóṫċus: is scíaṫ agus buicléir a ḟirinne.


Oir is marso a deir an Tiġearna DIA, Neaċ Náoṁṫa Israel; A niompoġ agus a suáiṁnios béiṫí tárṫúiġṫe; a cciúnas agus a ndóṫċus ḃías ḃur neart: agus níor ḃáill liḃ.


Uimesin, a nuáir ṫáinic misi, an raiḃ neaċ ar biṫ? a nuáir do ġoir mé, an raiḃ aoinneaċ do ḟreagoraḋ? Nar giorruiġeaḋ mo láṁ ar áonċor, go naċ ḃféadann fúasglaḋ? nó naċ ḃfuil cuṁaċd ar biṫ sáorṫa agamsa? féuċ, lém aċṁusán tiormuiġim súas a nfairge, do ním na sroṫa na ḃfásaċ: bréanuiḋ a níasc, do ḋíṫ uisge, agus éaguid do ṫart.


Is go díoṁaóin do ḃuáil me ḃur cclann; níor ġaḃadar smaċt ar biṫ: ḃur ccloiḋeaṁ féin do ṁarḃ ḃur ḃfáiġe, aṁuil leoṁan millteaċ.


Agus ṫugadar Uriah amaċ as an Négipt, agus rugadar go Iehoiacim an ríġ é; noċ do ṁarḃ leis an ccloiḋeaṁ é, agus do ṫeilg a ċorp marḃ a nuáiġiḃ na ndaoine gcoitċionn.


Do coiṁlíonaḋ bríaṫra Ionadab ṁic Reċab, ler áiṫin sé dá ṁacaiḃ gan fíon dól, óir go ttíġ a niuġ níor ioḃadar aoindeór, aċ úṁluiġid daiṫne a naṫar: ṫairis sin do laḃair misi riḃse, ag éirġe go moċ agus ag laḃairt; aċt níor éisteaḃair riom.


Uimesin is marso a deir TIĠEARNA Día na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara misi ar Iúdah agus air áitreaḃṫáċaiḃ Ierusalem uile a nuile olc dar ḟúagair mé na naġaiḋ: do ḃríġ gur laḃair mé ríu, aċt ní ċúaladar; agus do ġoir mé orra, agus níor ḟreagradar.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte.


Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.


Ar son ṗeacaḋ a fáġ, agus éigceart a sagart, noċ do ḋóirt fuil na ḃfíréun iona lár,


Mar do ġoireadar íad, is marsin dimṫiġeadar úaṫa: díoḋbradar do Ḃaalim, agus do loisgeadar túis díoṁáiġiḃ greanta.


Agus atá mo ṗobal cláon ċum sleaṁnuiġṫe síar uáimse: bíoḋ gur ġoireadar íad ċum an té is ro Airde, ní áirdeoċuiḋ duine ar bioṫ é.


Bíṫí meanmnaċ maseaḋ, a ċlann Sion, agus lúaṫġairiġiḋ annsa TIĠEARNA ḃur Ndía: óir ṫug sé an ċeidḟearṫuinn díḃ go measarḋa, agus do ḃeara sé air an ḃfearṫuinn teaċd a núas ċugaiḃ, an ċeidḟearṫuinn, agus a nfearṫuinn ḋeiġionaċ annsa ċéiḋṁí.


Ná bíṫíse aṁuil ḃur naiṫre, dar ḟúagradar na céadḟáiġe, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Filliḋ anois ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ, agus ó ḃur ndroiċġníoṁuiḃ: aċt níor éisteadar, agus ní ṫugadar aire ḋaṁsa, a deir an TIĠEARNA.


Agus do ċuir sé a ṡearḃḟoġantuiḋe do ġairm na muinntire fúair cuireaḋ ċum na bainnse: aċd niór ḃáill leósan ṫeaċd.


Agus rugadar an ċuid eile ḋíoḃ ar a ṡearḃḟoġantuiḋiḃsean, agus tugadar easonóir ḋóiḃ, agus do ṁarḃadar íad.


Agus do ġaḃ fearg eision, agus nior ḃáill leis dul a sdeaċ: uimesin ṫáinic a aṫair amaċ, agus do ġoir sé ċuige é.


Agus do ḋéanuid coṁċoṫrom ris an dtalaṁ ṫú, agus do ċlann ionnad a stiġ; agus ní ḟúigfid cloċ ar miuin cloiċe ionnad; tré nar aiṫin tú aimsear ṫfiosruiġṫe.


Agus ar ḃfilleaḋ ċuca a duḃairt Iósa, A inġeana Ierusaléim, ná guiliḋ ar mo ṡonsa, aċd guiliḋ ar ḃar son féin, agus ar son ḃar gcloinne.


Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa:


Agus do ġaḃadar do ċloċuiḃ air Steaṗán, as é ag guiḋe, agus ag ráḋ, A Ṫiġearna Iósa, gáḃ mo spiorad ċugad.


Agus dáontaiġ Saul ċum a ḃásaiġe. Agus déiriġ sa ló sin gérleanṁuin ṁór a naġaiḋ na heagluise a Níarusalém; agus do ḃádar uile ar na sgaraḋ feaḋ réigion ṫíre Iúdaiġe agus na Samária, aċd aṁáin na habsdail.


O naċ ḃfuilid siád críonna, go ttuigfidís so, lé measfaidís a gcríoċ ḋeiġionaċ!


O gan a leiṫéid sin do ċroiḋe ionnta, go mbía meaglasa orra, agus go gcoiṁéadaidís maiṫeanta a ccoṁnuiḋe, ċor go mbiáiḋ sé go maiṫ aca, agus agá ccloinn go bráṫ.


Agus béid a gcuirp sínte ar ṡráidiḃ na caiṫreaċa moire, dá ngoirṫear go spioradálta Sodom agus a Néigipt, sa nionad fós ann ar céusaḋ ar Dtíġearna.


Go ccúitiġ an TIĠEARNA do ṡaoṫar riot, agus go ḃaġa tú luaiḋeaċd iomlán ón TIĠEARNA Día Israel, a ttáinic tú fa na sciaṫánuiḃ, do ċur dóṫċuis ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ