Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus tiocfuid mórán ó nard ṡoir, agus ó naird ṡiár, agus ó ṫúaiḋ, agus ó ḋeas, agus suiḋfid síos a rioġaċd Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus tiocfaiḋ siad anoir agus aniar, adtuaiḋ agus andeas, agus suiḋfiḋ siad i ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus tiocfaiḋ siad ó’n doṁan ṫoir, agus ó’n doṁan ṫiar, andeas agus adtuaiḋ, agus suiḋfiḋ siad síos i ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus tiocfaid siad ó’n ndoṁan toir agus ó’n ndoṁan tiar, ó’n gceann tuaiḋ agus ó’n gceann teas, agus suiḋfid siad síos i ríġeaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:29
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.


Déara mé ris an ttuáisceart, Taḃair uáit; agus ris an deisceart, Ná connuiṁ ar ccúl: taḃair mo ṁaca as imċéin, agus minġeana ó ṫéorannaiḃ na talṁan.


Agus a dúḃairt sé, Is ní éattrom go mbeiṫeása ad ṡeirḃíseaċ agumsa do ṫógḃáil tréaḃa Iácob súas, agus daiseág ar cuṁduiġeaḋ Disrael: do ḃéara mé fós ṫú mar ṡolus do na geintiḃ, ċor go maḋ tú mo ṡlánuġaḋ go teóruinn na talṁan.


Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus deirim riḃ, Go ttiocfuiḋ morán ó náird ṡoir agus ó náird ṡíar, agus suiġfid a ḃfoċair Aḃraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioġaċd neaṁḋa.


Agus cuirfiḋ sé a aingil an tansin, agus cruinnéoċuiḋ sé a ḋáoine toġṫa fein ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal na talṁan go leiṫimeal neiṁe.


Agus, féuċ, ataíd dáoine ar deireaḋ ḃiás a dtosaċ, agus atáid a dtósaċ ḃiás ar deireaḋ.


Uime sin bíoḋ a ḟios agaiḃse, go ḃfuil an slánúġaḋsa Dé ar na ċur ċum na Gcineaḋaċ, agus go gcluinfid siadsan é.


Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir;


Noċ ṫáinic ċuguiḃse, coṁmaiṫ ris an ndoṁan uile; agus do ḃeir toraḋ úaḋa, mar do ḃeir ḃur measgsa, ón lá fá gcúalaḃair, agus fá ḃfúaraḃair éola air ġrás Dé go fírinneaċ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ