Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus an tan a duḃairt sé na neiṫesi, do ġaḃ náire gaċ áon nduine dá raiḃ a cur na aġaiḋ: aċd do ḃígáirdeaċas ar a tslúaġ uile tré gaċ uile ní glórṁar dá ndéarmiḋ seision.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus nuair a duḃairt sé na neiṫe sin, ḃí náire ar gaċ aoinneaċ dá raiḃ ag cur ina aġaiḋ, agus ḃí lúṫġáir ar an ṗobal uilig fá gaċ níḋ glórṁar dá ndearna sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair aduḃairt sé na neiṫe sin, do ċuir sé náire orṫa‐san do ḃí ’n‐a aġaiḋ: agus do ḃí an‐áṫas ar an sluaġ de ḃárr na neiṫe glórṁar go léir do ḃí aige d’á ndéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus nuair a duḃairt sé an ċaint sin do las a naṁaid go léir le náire, agus do ġaiḃ gáirdeaċas an pobul mar ġeall ar na neiṫe go léir a ḋeineaḋ sé ċóṁ glórṁar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:17
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Eaduiġṫear measccáirde lé náire, agus foluiġdís íad féin re cláois, mar buḋ le falluing.


Is glóir agus is daṫaṁlaċd a obair: agus seasuiḋ a ḟíréantaċd ċoiḋċe.


Eideoċad a naiṁde ré náire: aċt bláiṫeoċuiḋ a ċoróinsion air féin.


Náiriġṫear, agus claóiḋtear íad a néinḟeaċd noċ íarrus manam do ṁilleaḋ; filltior ar a nais agus náiriġṫear an dream noċ órduiġios olc ḋaṁ.


Cía as cosṁuil riot, a ṪIĠEARNA, a measc na ndée? cía as cosṁuil riot, glórṁar a naoṁṫaċd, eaglaċ a meltuíḃ, ag déanaṁ iongantaḋ?


¶ Annsa ló sin bíaiḋ beangan an TIĠEARNA sgíaṁaċ agus glórṁar, agus biaiḋ toraḋ na talṁan oirḋeirc agus cuḃaiḋ den ṁéid raċus as do Israel.


Go deiṁin, a déara neaċ, is ansa TIĠEARNA atá fíréantaċt ḋaṁsa agus neart: is ċuige ṫiucfuid daóine: agus an ṁéid atá ar lasaḋ na aḋuiġ béid síad náireaċ.


¶ Eistiġ bríaṫra an TIĠEARNA, a ḋrong ċriṫeaglas ré na ḃréiṫir; Oir a dúḃradar ḃur ndearḃráiṫre dfúaṫaiġ siḃ, do ṫeilg amaċ siḃ ar son manmasa, Go ma glorṁar an TIĠEARNA: aċ taisbéanfuiḋ seision ċum ḃur lúaṫġáiresi, agus beidsion fá náire.


Agus níor ḃeídir léo freagra do ṫaḃairt air ann sna neiṫiḃsi.


Agus do fúair sé a raḋarc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag taḃairt glóire do Ḋiá: agus an tan do ċunnairc an pobal uile so, tugadar molaḋ do Ḋía.


Giḋeaḋ ni raiḃ a ḟios aca créd do ḋéunaidis: óir do ḃi an pobal uile ro-aireaċ air éisdeaċd risean.


Agus níor laṁadar ó sin súas ní ar biṫ ḟíafruiġe ḋe.


Agus ar ndéanaṁ bagair ḋoiḃsean, do léigeadar úaṫa íad, mar naċ ḃfúaradar sliġe ar biṫ ċum pionúis do ṫaḃairt dóiḃ, ar son an ṗobail: oír ṫugadar uile glóir do Ḋía ar son a neiṫe do rinneaḋ ann.


Giḋeaḋ ní ḃéuruid buáiḋ ní sa ṁó: óir biáiḋ a gcúṫaċ follas do na huile ḋáoiniḃ, aṁuil do ḃí a gcúṫaċ súd mar an gcéudna.


Briaṫar ḟalláin náċ feidir a loċduġaḋ; ionnus go mbíaḋ aḋnáire ar an to ċuireas ḃur naġuiḋ, ar mbeiṫ ḋó gan droċ ní ar biṫ aige ré a raḋ ḃur dtáoḃso.


Ar mbeiṫ do ċoinnsías maiṫ aguiḃ: ionnas, an tan laḃruiḋ go holc oruiḃ, mar luċd míġníoṁ, go mbíaḋ náire orrṫa ag faġáil loċda ar ḃur ndeaġċoinḃearsáid a Gcríosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ