Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 13:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus ar ḃfreagra dúaċdarán na sinagóge ar mbeiṫ diomġaċ ḋó, fá Iósa do ḋéanaṁ leiġis ann sa tsabboid, a duḃairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéṫe ann ar coir obair do ḋéanaṁ; ar a naḋḃarsin gur ab ionnta sin ṫiocfas siḃ dá ḃur leiġeas, agus nar ab a lá na sabboide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus mar go raiḃ fearg ar uaċtarán na sineagóige, as siocair go ndearna Íosa leiġeas ar an tsabóid, d’ḟreagair sé, agus duḃaint leis an tsluaġ: Tá sé laeṫe ann, ar ar ceart obair a ḋéanaṁ: gurab orṫa sin, ar an aḋḃar sin, a ṫiocfas siḃ agus leiġeas d’ḟaġáil, agus nárab ar lá na sabóide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus d’ḟreagair uaċtarán na sionagóige, agus é go díombuiḋeaċ d’Íosa toisc leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide, agus aduḃairt sé leis an sluaġ, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do ḋéanaṁ: tagaiḋ ar na laeṫiḃ sin go leiġeasfar siḃ, agus ná biḋiḋ ag teaċt lá na sabóide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus d’ḟreagair uaċtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do ḋéanaṁ an leiġis lá na sabbóide, agus duḃairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar ċeart obair a ḋeanaṁ; tagaiḋ aon lá ḋíoḃ san, agus leiġistear siḃ; agus ná tagaiḋ lá na sabbóide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 13:14
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sé laéṫe ṡáoṫroċuis tú, agus ḋeánas tú hobair uile:


Sé lá do ḋéana tú hobair, agus do ḋéana tú coṁnuiġe an seaċdṁaḋ lá: ionnus go gcoṁneoċuiḋ do ḋaṁ agus hassal, agus go neartuiġe mac do ċuṁaile, agus an coiṁiġṫeaċ.


Tuilleaṁ oile fós ṫug mé mo ṡaóire ḋóiḃ, do ḃeiṫ mar ċoṁarṫa eadrum féin agus íad, go naiṫeonaidís gur misi an TIĠEARNA náoṁus íad.


Do ḃríġ gur ṡaiṫeaḃair le táoḃ agus lé slinnéun, agus gur ċnagaḃair na heasláin uile lé ḃur naḋarcaiḃ, nó gur scáinnreaḃair ó ċéile amaċ íad;


¶ Sé lá do ḋeantar obair: aċd is é an seaċdṁaḋ la sábbóid an tsuaiṁneasa, coṁġairm náoṁṫa é; ní ḋéantaoi obair ar biṫ ann: ís í sabbóid an TIĠEARNA í ann ḃur náitiḃ.


Agus an tan do ċoncadar na Ṗáirisiniġ so, a duḃradar risean, Féuċ, do ní do ḋeisgiobail ní naċ coir do ḋéanaṁ ann sá tsáoire.


Agus, féuċ, táinic fear áiriġe dúaċdaránuiḃ na sionagóige, dar ḃainm Iáirus; agus an tan do ċonnairc sé eisean, do léig se é féin siós agá ċosaiḃ,


Agus do líonaḋ íadsan do ċuṫaċ; agus do lúaiḋeadar ré a ċéile créd do ḋeunaidis ré Híosa.


Agus do ḃí coiṁéud ag na sgríobuiḋiḃ agus ag na Ṗarisineaċuiḃ airsean, dá ḟéuċuin an ndéanaḋ sé leiġeas ann sa tsábbóid; do ċum go ḃfuiġidís aḋbar gearáin air.


Agus, féuċ, táinic neaċ áiriġe dar ḃainm Iáirus, do ḃí na úaċdarán ar a tsinagóig: agus an tan do ṡléuċd sé ag cosaiḃ Iósa, diárr sé daṫċuinġiḋ air dul leis dá ṫiġ féin:


Agus tar éis léiġṫe an reaċda agus na ḃfáiġeaḋ do ċuireadar uaċdaráin na sionagóige teaċdaireaċd ċuca, ag ráḋ, A ḟeara agus a ḋearḃráiṫreaċa, má atá agaiḃ briaṫar ar biṫ lé a dteagaisgfí an pobal, laḃruiḋ í.


Ann sin ar mbreiṫ do na Gréugaċuiḃ uile ar Ṡostenes, úaċdarán na sinagóige, do ġaḃadar air a ḃfíaḋnuisi ċaṫáoireaċ an ḃreiṫeaṁnuis. Aċd níor ċuir Gallio suim a ní ar biṫ do na neiṫiḃsin.


Agus do ċreid Crispus, úaċdarán ná sinagóige, maille ré luċd a ṫiġe uile, ann sa Tiġearna; agus mórán do na Corintianaċuiḃ ag éisdeaċd rís do ċreideadar, agus do baisdeaḋ íad.


Oír do ním dfiaḋnuisi ḋóiḃ go ḃfuil teas ġráḋa Dé aca, aċd ní do réir éoluis.


Sé lá oibreoċus tú, agus ḋéanas tú hobair uile:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ