Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:52 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

52 Oír ó so amaċ, béid cúigear a néintiġ ar na roinn, triúr a naġuiḋ deisi, agus diás a naġuiḋ trír.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

52 Óir san aon tiġ feasta béiḋ cúigear scarṫa, triúr i n-aġaiḋ beirte, agus beirt i n-aġaiḋ triúir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 óir as so amaċ béiḋ cúigear i dtiġ aṁáin agus iad i n‐aċrann le ċéile, triúr i n‐aġaiḋ beirte, agus beirt i n‐aġaiḋ trír.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Óir beiḋ, feasda, cúigear sa n-aon tiġ deiġilte, triúr i n-aġaiḋ beirte, agus beirt i n-aġaiḋ trír.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:52
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fear mo ṡíoṫċána, fós, iona raiḃ mo ḋóiġ, noċ a duáiġ marán, do ṫog sé súas a ṡál am aġaiḋ.


An sáoilti gur ab ċum sióṫċána do ṫaḃairt ar an dtalaṁ ṫáinic misi? a deirim riḃ, Naċ eaḋ; aċd ceannairce:


Biáiḋ an taṫair a naġuiḋ an ṁic, agus an mac a naġuiḋ a naṫair; an ṁaṫair a naġuiḋ na hiuġine, agus a ninġean a naġuiḋ na maṫara; agus maṫair an ḟir ṗósada a naġuiḋ a ṁná, agus an ḃean ṗósda a naġuiḋ maṫar a fir.


Cuirfid síad as na sínagóguiḃ siḃ: agus fós, tig a nuáir, giḋ bé ṁuirfeas siḃ go mḃreaṫnóċa sé go ndéanann sé seirḃis do Ḋía.


Uime sin a duḃradar cuid do na Ṗairisíneaċuiḃ, Ní ó Ḋía an duinesi, óir ní ċongḃann sé an tsabbóid. A duḃradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacṫaċ a léiṫéid so do ċoṁarṫaḋuiḃ a ḋéunaṁ? Agus do ḃi siosma eatorra.


Agus do aontuiġeadar cuid díoḃ do na neíṫiḃ a duḃairt sé, agus cuid eile nar aontaiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ