Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

46 Tiocfa tiġearna an tsearḃḟoġantuiġe úd sa lá naċ saoileann sé é, agus ann sa núair naċ ḃfuil a ḟios aige, agus dealóċaiḋ sé úaiḋ é, agus do ḃéara sé a ċuid ḋó a ḃfoċair na ndaoine gan ċreideaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

46 Tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ sin lá naċ mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair naċ eol dó, agus scoiltfiḋ sé é, agus ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó imeasc na ndaoine gan ċreideaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ úd an lá naċ mbéiḋ coinne aige leis, agus gearrfaiḋ sé ó ċéile é, agus do‐ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó i measc luċta dí‐ċreidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Tiocfaiḋ Tiġearna an tseirḃísiġ sin an lá ná beiḋ coinne aige leis, agus an uair náċ eól dó, agus deiġilfiḋ sé é agus ceapfaiḋ sé a ċuid dó ameasg luċt díṫċreidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:46
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Así so cuid ronna an droċḋuine ó Ḋía, agus a noiġreaċt do ċinneaḋ ó Ḋía ḋó.


Dearḃuiḋ an TIĠEARNA an fíréun: aċt an ciontaċ agus an té ġráḋuiġios foiréigion fúaṫuiġiḋ a anam.


Oír gearrfuiġṫear amaċ luċd déanta na héagcóra: agus luċd feiṫṁe air an TTIĠEARNA, ġeaḃuid óiġreaċd a nfearuinn.


Oír ní ṫeilgfiḋ an TIĠEARNA a ḋaoine féin úaḋ, agus ní ṫréigfiḋ sé a oiġreaċd.


Tiocfuiḋ tiġearna a nógláoiċ úd ann sa lá naċ ḃfuil súil aige rís, agus ann sa núair naċ ḃfuil a ḟios aige,


Agus roinnfiḋ sé é, agus do ḃéara sé a ċuid dó a ḃfoċair luċd an ḟúarċraḃaiḋ: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.


Agus ar a naḋḃarsin fós biṫisi ullaṁ: oír is a núair naċ saoiltí ṫiocfus Mac an duine.


Aċd má deir an searḃḟoġantuiġe úd ann a ċroiḋe féin, Cuirfiḋ mo ṫiġearna a ṫeaċd a ríġneas; agus go dtionnsgónuiḋ sé gaḃáil ar na buáċailiḋ agus ná cailiniḋ, agus ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól, agus ar meisge;


Aċd an searḃḟoġantniḋe úd, agá raiḃ fios tola a ṫiġearna féin, agus nar ullṁuiḋ é féin, agus naċ dearna do réir a ṫola, géuḃṫar mórán air.


(Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.)


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ