Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus a deirim riḃse a ċairde, Ná bioḋ eagla muinntire oraiḃ ṁárḃus an corp, agus na ḋiáiġ sin leis naċ éidir ní sa ṁó do ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus deirim liḃ-se, a ċáirde liom: Ná bíoḋ eagla oraiḃ rompa seo a ṁarḃas an corp, agus naċ féidir leo níos mó a ḋéanaṁ ina ḋiaiḋ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adeirim liḃ, a ċáirde, Ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san ṁarḃas an corp, agus naċ ḃféadann a ṫuilleaḋ do ḋéanaṁ ’n‐a ḋiaiḋ sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Deirim áṁṫaċ, liḃ-se, a ċáirde: Ná bíoḋ eagla agaiḃ roimis an muintir a ṁarḃuiġeann an corp, agus ansan ná fuil a ṫuille acu le déanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:4
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃeir eagla an duine paintéur lé: aċt an té ċuirios dóṫċus annsa TIĠEARNA, biáiḋ sé daingion.


Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.


Atá a ḃéul ro ṁilis; atá sé fós, ṫríd amaċ go gráḋaċ: isé so mo ġráḋsa, agus isé so mo ċara, ó a inġeana Ierusalem.


Aċt is tusa, a Israel, mo ṡearḃḟoġantuiġe, Iácob noċ do ṫoġ mé, síol Abraham mo ċara.


¶ Criosluiġ ṫusa ar a naḋḃarsin do leasraċ súas, agus éiriġ, agus laḃair ríu a nuile ní dá naiṫeonuiḋ misi ḋíot: na bíoḋ anḃfainne ort ré na naiġṫiḃ, deagla go cclaóiḋfuinn ṫusa rompasan.


Ná bíoḋ eagla a naiġṫeaċ ort: óir atáimsi maille riot dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.


Do ḃríġ na Ccaldeánaċ: óir do ḃádar eaglaċ rompa, do ḃríġ gur ṁarḃ Ismael ṁac Netaniah Gedaliah ṁac Ahicam, noċ da ndeárna ríġ na Babilóine úaċdarán annsa tír.


¶ Agus ṫusa, a ṁic an duine ná bíoḋ eagla ort rompa, agus ná bíoḋ eagla a mbríaṫar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteoċa tú a measc naiṫreaċ niṁe: ná bíoḋ eagla ort ré na mbríaṫraiḃ, agus ná bi anḃuáineaċ fá na naiġṫiḃ, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.


Agus na bíoḋ oruiḃ eagla na muinntíre ṁarḃas an corp, agus leis naċ éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an corp agus an tanam do ṁilleaḋ a nifrionn.


Ní ḃfuil gráḋ as mó ná so ag éinneaċ, ná a anam féin do ṫaḃairt ar son a ċarad.


Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé.


Agus an tan ṫugadar ḋá paire dánaċd Ṗeadair, agus Eóin, agus gur ṫuigeadar a mbeiṫ na ndáoiniḃ gan ḟogluim gan éolus, do ġaḃ iongantus íad; agus daiṫneadar, go raḃadar a ḃfoċair Iósa.


Agus ná bíoḋ eagla na druinge ċuireas ḃur naḋuiġ oruiḃ a gcáil ar biṫ: noċ is coṁarṫa sgriosda ḋóiḃsion, aċd sláinte ḋíḃse, agus sin ó Ḋía.


Agus do coiṁlíonaḋ an sgriobtúir a deir, Do ċreid Abraham do Ḋía, agus do measaḋ ḋó é na ḟiréuntaċd: agus do goireaḋ Caruid Dé ḋe.


Giḋeaḋ fós má ḟuilngṫiḋ ar son na firéuntaċda, atá siḃ beannuiġe: agus ná bíoḋ eagla mar a neaglasan oruiḃ, agus ná bíġiḋ buáiḋearṫa;


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ