Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Is beannaiġe na searḃḟoġantaiḋe úd, do ġeiḃ an tiġearna ag déanaṁ faire an tan do ṫig sé: a deirim riḃ go fírinneaċ, go gccangalfuiġ sé é féin timċioll, agus go gcuirfiḋ sé iádsan na suiḋe ċum biḋ, agus ar dteaċd amaċ ḋó go ndéanuiḋ sé fríoṫólaṁ ḋóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Is beannuiġṫe na seirḃísiġ sin, a ḃfuiġiḋ a dtiġearna ag déanaṁ faire iad, nuair a ṫiocfas sé; amén adeirim lib, go gcuirfiḋ sé a ċrios air, agus ḃéarfarḋ sé orṫa suiḋe ċun bíḋ, agus ag dul ṫart dó, ḋéanfaiḋ sé freastal orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Is aoiḃinn do na seirḃíseaċaiḃ sin go ḃfaiġiḋ a dtiġearna iad ag áirdeall nuair ṫiocfas sé: go fírinneaċ adeirim liḃ go gcuirfiḋ sé a ċrios air féin, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a suiḋe ċum biḋ iad, agus go dtiocfaiḋ sé ag déanaṁ freastail orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Is aoḃinn do sna seirḃísiġ sin a ġeoḃaiḋ a dTiġearna ag déanaṁ na faire nuair a ṫiocfaiḋ sé; go deiṁin adeirim liḃ, cuirfiḋ sé a ċrios uime agus cuirfiḋ sé ’n-a suiḋe iad, agus déanfaiḋ sé frioṫálaṁ orṫa sa tímpal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:37
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oir aṁuil ṗósas ógánaċ maiġdion, is marsin ṗósuid do ṁic ṫusa: agus mar ġáirdiġeas an fear núaḋṗosta ós a ṁnaói núadṗósta, marsin ġáirdiġeas do Ḋía ós do ċionnsa.


Aseaḋ, gáirdeoċa mé ós a ccionn do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋóiḃ, agus pláinndeoċa mé annsa dúṫaiġ íad go deiṁin maille rém uile ċroiḋe agus rem uile anam.


Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.


Ar a naḋḃarsin déanuiḋsi faire: oír ní ḃfuil a ḟios agaiḃ gá húair ṫiocfas ḃur Dtiġearna.


Agus siḃ féin coṁċosṁud ré dáoiniḃ ag fuireaċ ré na dṫiġearna, gá húair do ḟillfeaḋ sé ón ṗósaḋ; ionnas ar dteaċd agus ar mbuálaḋ an doruis dó, go noisgeolaidis gan ḟuireaċ.


Is beannaiġe an searḃḟoġantuiḋe úd, agá ḃfuiġe a ṫiġearna an tan ṫiocfus sé ḋá ḋéanaṁ mar sin.


Aċd a né naċ aibéora sé ris, Ullṁuiġ an ní íosas mé ar mo ṡuiper, agus cuir do ċrios ṫort, agus friṫeóil daṁsa, no go niṫe mé agus go niḃe mé; agus tar éisi sin iṫsi agus iḃ?


Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.


Oír cía aca is mó, an té ṡuiġeas ar an mbórd, nó an tí frioṫólaṁ? a né naċ é an té ṡuiġeas ag biḋ? aċd atáimsi eadruiḃse mar an té do ní frioṫolaṁ.


Giḋ bé ní seirḃís daṁsa, leanaḋ sé mé; agus mar a mbía misi, bíaiḋ mo ṡeirḃiseaċ ann mar an gcéadna: giḋ bé ḋéanas seirḃís daṁ, ḃéura Maṫair onóir ḋó.


Aċd do réir mar atá sgrioḃṫa, Ní ḟacaiḋ súil, agus ní ċuálaiḋ clúas, agus nír smuain croíḋe duine, na neiṫe do ullṁuiġ Día don druing ġráḋaiġeas é.


Oír as éudáil daṁsa Críosd, más beaṫa no bás daṁ.


Oír atáim a gcúṁgaċ ar gaċ táoḃ, ar mbeiṫ ḋaṁ fonnṁar ar ḃeiṫ fá reír, agus ar ḃeiṫ a ḃfoċair Ċríosd; óir ni ḃfuil ann ní as fear ná sin:


Oír as áṁluiḋ so ġeaḃus siḃ go fairsing sliġe ré dul a steaċ a rioġaċd ṡiorruiḋe ar Dtíġearna agus ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd.


Uime sin, a ċaired, ó atá súil ris na neiṫiḃse aguiḃ, bíġiḋ dúṫraċdaċ ċum ḃur ḃfáġala ḋósan gan ċáiḋe, gan ċiontuiḃ, a sioṫċáin.


Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.


(Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.)


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ