Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus siḃ féin coṁċosṁud ré dáoiniḃ ag fuireaċ ré na dṫiġearna, gá húair do ḟillfeaḋ sé ón ṗósaḋ; ionnas ar dteaċd agus ar mbuálaḋ an doruis dó, go noisgeolaidis gan ḟuireaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus siḃ cosaṁail le daoine ag feiṫeaṁ le n-a dtiġearna go dtigeaḋ sé ó’n ḃainḟeis, ionnas, nuair a ṫiocfaḋ sé agus ḃuailfeaḋ sé, go ḃfosclaḋ siad láiṫreaċ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 agus biḋiḋ féin mar do ḃéaḋ daoine agus iad ag fuireaċ ar a dtiġearna, go ḃfillfiḋ sé ó’n mbainis; i dtreo, nuair ṫig sé agus ḃuaileas sé, go ḃfosclóċaiḋ siad dó ar an láṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus siḃ mar ḃeaḋ daoine a ḃeaḋ ag feiṫeaṁ le n-a dTiġearna go ḃfillfeaḋ sé ó’n mbainis; ionus, nuair a ṫiocfaiḋ sé agus ḃuailfiḋ sé, go n-osgalóċaid siad láiṫreaċ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:36
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃi mé ag fuireaċ réad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA.


¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air.


Bíoḋ ḃur leasraċ ceangailte timċioll, agus ḃur lóċráinn ar lasaḋ;


Is beannaiġe na searḃḟoġantaiḋe úd, do ġeiḃ an tiġearna ag déanaṁ faire an tan do ṫig sé: a deirim riḃ go fírinneaċ, go gccangalfuiġ sé é féin timċioll, agus go gcuirfiḋ sé iádsan na suiḋe ċum biḋ, agus ar dteaċd amaċ ḋó go ndéanuiḋ sé fríoṫólaṁ ḋóiḃ.


Bíoḋ gáirdeaċas agus lúaṫġáir oruinne, agus tugam glóir ḋósan: óir táinic pósaḋ a Nuáin, agus do ullṁaiġ a ḃean í féin.


Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ