Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus má éaduiġeann Diá már sin an fér, atá a niu ar an maċaire, agus ċuiṫear a máraċ ann sa núaṁaiḟ; a né naċ mó ná sin do ḋéana sé ḋiḃse, a luċd an ċreidiṁ ḃig?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus má ċóiriġeann Dia mar seo an féar atá indiu san ġort, agus a ċaiṫtear isteaċ san oiġean i mbáraċ: naċ mó ná sin a ḋéanfas sé díḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Aċt má’s mar sin éidiġeas Dia féar an ṁaċaire, atá ann indiu, agus caiṫtear san oiġeann amáraċ; naċ mó go mór éideoċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus má éidiġeann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó ’ná san [éideóċaiḋ sé] siḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:28
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt an guṫ, Fúaguir. Agus a duḃairt seision, Cred ḟuaigeoras mé? Is féur a nuile ḟeoil, agus atá a ṁaiṫ uile mar ḃláṫ an ṁaċaire:


Agus ar síneaḋ a láiṁe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A ḟir an ċreidiṁ ḃig, créd far ġaḃ cuntaḃairt ṫú?


Agus ar an ṫuigsin sin Diósa, a duḃairt sé ríu, O luċd an ċreidiṁ ḃig, créd fá a dtagarṫáoi eadraiḃ féin, gur ab ar son naċ dtugaḃair arán liḃ?


Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé, A ċineaḋ dóṫeaguisg gan ċreideaṁ, gá fad fós ḃías mé ḃur ḃfoċair? gá fad fos ḟuiléongas mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa ann so é.


Agus a duḃairt Iósa riú, Ar son ḃur míċreidiṁ: oir a deirim riḃ go fírinneaċ, Dá mbeiṫ oiread re gráinne musdaird do ċreideaṁ agaiḃ, a déarṫáoi ris an slíaḃ so, Aṫruiġ as so ann súd a nunn; agus aṫrroċuiḋ sé; agus ní ḃía ní ar biṫ naċ buḋ éidir liḃ.


Agus, ma eúduiġeann Día mar sin luiḃ an ṁaċaire, áta a niuġ ann, agus a máraċ ar na ṫeilgein sa núaṁain, a né naċ mó na sin siḃsi, a ḋaóine beigċreidṁeaċa?


Agus a deir seisean ríu, Créud fá a ḃfuiltí eaglaċ, a luċd an ċreidiṁ ḃig? Ar néirġe ḋósan an tansin, do ḃagair sé air an ngáoiṫ agus air an ḃfairge; agus ṫainic ciúnas mór ann.


Agus a duḃairt sé ríu, Cáit an a ḃfuil ḃar gcreideaṁ? agus ar mbeiṫ le heagla ḋóiḃsion do ġaḃ iongnaḋ íad, ag ráḋ ré ċéile, Cia be so! a deir ris na gáoṫaiḃ agus ris a nuisge fós ḃeiṫ na dtoċd, agus úṁluiġid síad dó.


Oír an talaṁ ṡlúigeas a nfearṫuinn ṫig go minic air, agus do ḃeir luiḃionna úaḋa ṫéid a dtárḃa don druing ṡáoṫruiġeas é, do ġéiḃ sé beannaċd ó Ḋía:


Oír atá a nuile ḟeóil mar an ḃféur, agus a nuile ġlóir ḋáonna mar ḃláṫ a nféir. Searguiḋ a féur, agus tuitiġ a ḃláṫ ṡe:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ