Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus a duḃairt Diá ris, A amadáin, a noċd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia ḃus leis na neiṫe so, do ṡoláṫair tú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Aċt duḃairt Dia leis: A amadáin, anoċt féin táṫar ag iarraiḋ d’anama ort; agus cé aige a mbéiḋ na neiṫe a ṡoláṫruiġ tú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Aċt aduḃairt Dia leis, A ḋuine gan ċéill, éileoċar t’anam ort anoċt féin; agus cia aige go mbéiḋ gaċ a ḃfuil curṫa le ċéile agat?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Aċ duḃairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anoċt féin, agus cé aige go mbeiḋ a ḃfuil cruinniġṫe agat?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:20
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.


Oír cred é dóṫċus a nfúarċráiḃṫiġ, matá gur ṫarḃaiḋ sé ní, a nuáir ḃeirios Día a anum leis?


Go deiṁin is mar íoṁáiġ ṡiuḃlas a nuile ḋuine: go deiṁin is a ndíoṁaóineas do níd corruġaḋ: cruinniḋ ḋuine maóin, agus ní ḟeadair sé cía ċaiṫfios íad.


Oír do ċí go néuguid daoine críonna, an tamadán fós agus an duine brúideaṁuil go néuguid síad, agus go ḃfágaid ag daóiniḃ oile a saiḋḃrios.


Ciondus tugṫar ċum neiṁni mar buḋ a móiment íad! meaṫar íad ré húaṫḃásaiḃ ṫrid amaċ.


Ní ḋéarnaḋ fós coiṁiġeaċ íad óna nainṁíanuiḃ féin. Do ḃí a mbíaḋ fós iona mbéul,


Ní ṫárḃuiġid ionṁusa na nolc aóinní: aċt sáoruiḋ an tionnracus ó ḃás.


Ní ṫarḃuiġionn an saiḋḃrios a ló an dioġaltais: aċt sáoruiḋ a nfíréantaċd ó ḃás.


Bí neaċ ann do ní é féin saiḋḃir, giḋeaḋ ag naċ bí éainní: bí neaċ ann do ní é féin boċt, giḋeaḋ atá sé lán do ṡaiḋḃrios.


Na maóiḋ ṫú féin as an lá a máraċ; óir ní ḟeidir tú cred do ḃéaraḋ lá leis.


An té ṁéaduiġios a ṁaoin lé húsuireaċt agus lé tarḃa éagcóir, cruinneoċuiḋ sé é don tí agá mbía truáiġe don ḃoċt.


Tigiḋ uáiḃ, a deirid síad, do ḃéara misi fíon líom, agus líonfam sinn féin lé díġ láidir; agus biáiḋ a máraċ mar an ló a niuġ, agus ní sa ro ḟairsinge.


Aṁuil luiġios an ṗatruisc air a huiġiḃ, agus naċ gcuirionn íad; marsin an té do ġeiḃ saiḋḃrios, agus naċ lé ceart, fuigfiḋ sé íad a lár a láeṫeaḋ, agus iona ċríċ ḋeiġionuiġ biaiḋ sé na amadán.


Siḃsi noċ ṡólasuiġios ann ní gan taḋḃaċt, noċ a deir, Naċ ar ġaḃamar ċugainn aḋarca le ar neart féin?


Oír an feaḋ ḃéid fillte air a ċéile mar ḋroinġne, agus an feaḋ ḃéid ar meisce aṁuil luċt meisce, loiscfiġear íad aṁuil connlaċ láinṫirim.


A ḋáoine gan ċéill, a né naċ é an tí do rinne an táoḃ a muiġ do rinne an táoḃ a sdiġ mar an gcéadna?


Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.


Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;


Oír ní ṫugamar ní ar biṫ linn air a tsáoġal, is follas fós naċ féidir linn éinní ḃreiṫ as.


Agus fós gan a ḟios aguiḃ créd é ḃur ccor a máraċ. Oír créd lér cosṁuil ḃur mbeaṫa? Ré gal ḃíos ré ḟaicsin, ar feaḋ tamuill, agus na ḋiaiġ sin ṫéid air neiṁní.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ