Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt sé riú, Feaċaiḋ, agus seaċnuiḋ siḃ ar a tsaint: oír ní a níomarcuiġ an tsaíḋḃris atá ag duine air biṫ atá a ḃeaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus duḃairt sé leo: Taḃairigiḋ aire agus seaċnaigiḋ an uile ṡainnt, óir ní i ḃflúirse na neiṫe a ḃíos i seilḃ duine atá a ḃeaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus duḃairt sé leó-san: Féaċ, seaċnaiḋ gaċ saint; óir ní sa ḃflúirse atá ag aoinne, de sna neiṫe is leis, atá a ḃeaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:15
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus déiriġ Símei, agus do ċuir díalláoid ar a asal, agus do ċuaiḋ go Gát mar a raiḃ Aċis díarruiḋ a ṡeirḃíseaċ: agus dimṫiġ Símei, agus ṫug a ṡerḃísiġ leis ó Ġát.


Agus do ḟreagair Sátan don TIĠEARNA, agus a duḃairt, Croicionn ar son croicinn, a ḃfuil ag duine do ḃéaraḋ sé ar a anam é.


Oír maóiḋiġ an ciontaċ fonn a ċroiḋe, agus beannuiġiḋ sé an sanntaċ, noċ ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA.


Is féarr an beagan atá ag an ḃfíréun ná saiḋḃrios ṁóráin do ḋroċḋaóiniḃ.


Ná cuiriġ ḃur ndóiġ a sáruġaḋ, agus a sladuiġeaċd ná bíṫi díoṁaóin: an tan ḟásas saiḋḃrios, ná cuiriḋ ḃur ccroiḋe air.


Bféarr beagan maille re heagla an TIĠEARNA ná ionnṁus mór agus buáiḋreaḋ maille ris.


Ga ṁéad is féarr eagna dfaġáil ná ór? agus tuigsi dfaġáil is córa í do ṫoġa ná airgiod?


An prionnsa ag naċ bí tuigsi mar an ccéadna is mór an fear leaṫtruim é: aċt an té ḟúaṫuiġios saint faideoċuiġ sé a láeṫe.


Oír atá gaċ áon díoḃ ón té is lúġa ḋíoḃ gus an té is mó ḋíoḃ ar na ṫaḃairt do ṡaint; agus ón ḃfáiġ gus an sagart do níd uile go bréagaċ.


Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.


Agus santuiġid síad fearuinn, agus beanuid amaċ íad lé foiréigion; agus tiġṫe, agus beirid leó íad: marsin sáruiġid duine gun a ṫiġ, eaḋon duine agus a oiġreaċd.


¶ A ṁairg don té ṡantuiġios droċṡaint da ṫiġ, iondus go suiġeoċa sé a nead go hárd, ċor go sáorfuiḋe é ó ċuṁaċt a nuilc!


Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd:


Agus a duḃairt sé cosamblaċd riú, ag ráḋ, Tug fearann ḋuine ṡáiḋḃir áiriġe toraḋ mór:


Agus do Ċúaladar fós, na Ṗairisniġ sanntaċa, na neiṫesi uile: agus do rinniodar fonoṁad faóision.


Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.


Aċd an ní úd do ṫuit a measg na ndeilbneaċ, a siad so do éisd, aċd ar nimṫeaċd dóiḃ, muċtar íad lé cúram agus lé saiḋḃreas agus lé saíṁe na beaṫa, agus ní ṫaḃruid toraḋ úaṫa.


Ná gaduiġṫe, ná dáoine sanntaċa, na luċd meisge, na luċd imḋeargṫa, náid sracaireaḋa, oiḋréaċd rioġaċda Dé.


Uime sin claóiḋiġ ḃur mbuill ṫalṁuiḋe, sdríopaċas, neaṁġloine, fonn colluiḋe, ainṁían, agus saint, noċ as ioḋaláḋraḋ:


Oír béid dáoine róċeanaṁuil orrṫa féin, sanntaċ, aiḋḃéil, díomsaċ, íṫiomráiteaċ, easúṁal dá naiṫriḃ agus dá máiṫriḃ, dómbuiḋeaċ, neaṁnáoṁṫa,


Seaċnuiḋ siḃ féin ar ṡaint; go maḋ lór liḃ na neiṫe atá a laṫair aguiḃ: oír a duḃáirt sé, Ní ḋealoċa mé riot, agus ní ṫréigfead ṫú.


A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.


Agá ḃfuilid súile lán daḋaltrannas, agus naċ ḃfeudann sgur do ṗeacaḋ; ag meallaḋ na nanmann neiṁṡeasṁaċ: agá ḃfuilid cróiḋṫe do ḃeir íad féin do ġnáṫ do ṡaint; clann na mallaċd:


Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ