Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 A ḋáoine gan ċéill, a né naċ é an tí do rinne an táoḃ a muiġ do rinne an táoḃ a sdiġ mar an gcéadna?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

40 A ḋaoine gan ċéill, an té a rinne an taoḃ amuiġ, naċ ndearna sé an taoḃ istiġ fosta?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 A ḋaoine gan ċiall, an té do‐rinne an taoḃ amuiġ, naċ ndearna sé an taoḃ istiġ mar an gcéadna?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 A ḋaoine gan ċiall, náċ é an t-é a ḋein an taoḃ amuiġ do ḋein an taoḃ istiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:40
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Día, Déunam an duine ann ar ndeilḃ féin, do réir ar ccosaṁlaċda féin, agus bíoḋ tiġearnus aige ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn éunlaṫ an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós ciónn na talṁan uile, agus ós cionn ann uile neiṫe ṡnaṁuiġeaċ ṡnáṁus ar an ttalaṁ.


Agus do ċum an TIĠEARNA Día an duine do luáiṫreaḋ na talṁan, agus do ṡéid ann a ṗoill-sróna anál na beaṫa, agus táinig an duine ċum ḃeiṫ na anam beó.


A DUḂAIRT an tamadán iona ċroiḋe, Ní ḃfuil Día ann. Atáid síad truáilliġ, do rinneadar oibreaċa aḋḟúaṫṁara, ní ḃfuil éainneaċ do ní maiṫ.


Eision cumadóir a ccroiḋṫeaḋ a néainḟeaċd; tuige sé a noibreaċ uile.


Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?


O a ḋaoine simplíḋe, tuigiḋ eagna: agus, siḃsi a amadána, bíoḋ ḃur ccroiḋe tuigsionaċ.


Eístiġ so anois, a ṗohal amadánaċ, agus gan tuigsi; agá ḃfuilid súile, agus naċ ḃfaicionn; agá ḃfuilid clúasa, agus naċ ccluinn:


Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


A ḋáoine leaṁa agus dalla: an mó an tór, ná an teampoll náoṁas an tór?


A Ḃṗairisíniġ ḋoíll, glan ar tús an ċuid a sdiġ don ċupan agus don ṁéis, do ċum go mbiaḋ an táoḃ a muiġ ḋíoḃ glan mar an gcéadna.


Agus a duḃairt Diá ris, A amadáin, a noċd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia ḃus leis na neiṫe so, do ṡoláṫair tú?


Agus a duḃairt seision riu, O a ḋaoine amadánaċ agus mallċroiḋṫeaċ ċum creidṁe dá gaċ éinni dar laḃradar na fáiġe!


O a ḋuine ṁiċélliḋ, an síol ċuireas tusa ní ḃéoḋṫuiġear é, muna ḃfaġuiḋ sé bás air tús:


Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ