Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus maiṫ ḋuinn ar bpeacaiġ; óir maiṫmídne da gaċ áon air a ḃfuil fiaċa aguinn. Agus na leíg sinn a ccaṫuġaḋ; aċd soar inn ó olc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus maiṫ dúinn ár bpeacaiḋe, mar a ṁaiṫimíd-ne do gaċ aon ar a ḃfuil fiaċa againn, agus ná leig sinn i gcaṫuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus maiṫ ḋúinn ár bpeacaiḋe; mar ṁaiṫimíd‐ne ḋóiḃ‐sean ar a ḃfuil fiaċa againn. Agus na seol i gcaṫú sinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus maiṫ ḋúinn ár gcionta mar ṁaiṫimídne do ċáċ a ḋeineann cionta i n-ár u-aġaiḋ; agus ná leig sin i gcaṫaíḃ, aċ saor sin ó olc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:4
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An taingiol do ḟúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuiġe sé na leiniṁ; agus goirṫear mainmsi orra, agus ainm maiṫreaċ Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadaṁlaċd a meaḋon na talṁan.


Annsin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus, agus maiṫ peacaḋ do ṗóbail Israel, agus taḃair a ris íad don dúiṫċe noċ ṫug tú dá naiṫriḃ.


Annsin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus, agus maiṫ peacaḋ do ṡerḃíseaċ, agus do ṗobail Israel, go múiniḋ tú ḋóiḃ an tsliġe ṁaiṫ iona siuḃoluid síad, agus taḃair fearṫuinn annsa tír, noċ ṫug tú dot ṗobal mar oiġreaċd.


Cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA ṫú ó nuile olc: coiṁéadfa sé hanam.


Ar son hanma, a ṪIĠEARNA, iseaḋ ṁaiṫfeas tú méaigceart; bíoḋ gur mór sin.


Féuċ ar manacra agus air mo ṗéin; agus maiṫ mo ṗeacuiḋe uile ḋaṁ.


O a Ṫiġearna, éisd; a Ṫiġearna, maiṫ; a Ṫiġearna, cluinn agus déan; ná mainniġ, ar do ṡon féin, O mo Ḋía: óir is as hainm goirṫear do ċaṫair agus do ṗobal.


Glac ċugad bríaṫra, agus fill ċum an TIĠEARNA: abair ris, Beir uáinn a nuile éicceart, agus gaḃ ċugad go grásaṁuil sinn: marsin do ḃéaram uáinn laóiġ ar bpuisíneaḋ.


Agus is mar sin do ḋéana Máṫair neaṁḋasa riḃsi, muna maiṫfe gaċ áonduine agaiḃ da ḋearḃraṫair ó ḃur gcroiḋṫiḃ a gcionnta.


Déanuiḋ faire agus urnuiġṫe, do ċum naċ ttuitfeaḋ siḃ a gcaṫuġaḋ: A tá an spiorad go deiṁin ullaṁ, aċd a tá an ċolann anḃfann.


Agus a duḃairt sé ríu cía agaiḃsi agá mbíaḋ cara, agus go raċaḋ sé ċuige a meaḋon oiḋċe, agus go naibeóraḋ sé ris, A ċara, taḃair trí haráin ḋaṁ air iásaċd;


Nó an sáoiltí na hoċd ḃfir deag úd, air ar ṫúit an tor a Síloam, agus do ṁarḃ iád, gur ṁó na peacṫaiġ iád ná gaċ áoin nduine eile dá raiḃ na gcoṁnuiḋe a Niárúsalém?


Agus a duḃairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirġiḋ agus déanuiḋ urnuiġe, do ċum naċ dtuitfeaḋ siḃ a gcaṫuġaḋ.


Agus an dream úd air an gcarruic, noċ an tan do ċluinid, gaḃuid ċuca an briaṫar maille lé gáirdeaċus; aċd ní ḃfuil fréaṁ aca so, noċ ċreideas feaḋ tamuill, agus ḟilleas ar a nais a naimsir an ċaṫaigṫe.


Ní íarruim go mbéurfa íad as an tsáoġal, aċd go gcoiṁédfá íad air olc.


Ní ṫárla caṫuġaḋ ar biṫ ḋíḃ aċd an caṫuġaḋ leanus gaċ áon: agus atá Día fírinneaċ, náċ ḃfuileóngaiḋ caṫúġaḋ do ċur oraiḃ ós cionn ḃur neirt; aċd do ḋéuna sé sliġe imṫeaċd ḋíḃ ann sa gcaṫúġaḋ, ionnus go maḋ éidir liḃ a iomċar.


Ag taḃair íomċair ḋá ċéile, agus ag maiṫeaṁ ḋá ċéile, má tá gearan ag neaċ a naḋuiġ aroile: aṁuil tug Críosd maiṫeaṁnas díḃse, go maḋ haṁluiḋ sin ḋéunas siḃse.


Giḋeaḋ atá an Tíġearna díleas, noċ ḋaingnéoċas, agus ċóiṁéudfus siḃ ó olc.


Agus sáorfa an Tíġearna mé ó gaċ uíle ḋroċobair, agus coṁéudfuiḋ mé ċum a ríoġaċda neaṁḋa féin: glóir ḋósan go saóġal na sáoġal. Amén.


Oír breiṫeaṁnus gan trócaire, don tí naċ dearnaḋ trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeaċas a naġuiḋ an ḃreiṫeaṁnuis.


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ