Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus a duḃairt an Tiġearna rís, Go deiṁin do ní siḃse a ṗairisineaċa an táoḃ amuiġ don ċupan agus don ṁéis glan; aċd atá an táoḃ a sdiġ ḋíḃ lán do ṡracaireaċd agus dolc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois glanann siḃ-se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; aċt tá bur dtaoḃ istiġ lán de ċreaċadóireaċt agus d’urċóid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Naċ breaġ mar ġlanann siḃ‐se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṗláta; aċt bíonn siḃ líonta istiġ de ṡainnt agus de ċuirpṫeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:39
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċonnairc Día gur ṁór ċionnta an duine air an ttalaṁ, agus gaċ áon ḃreaṫnuġaḋ dá smuaineaḋ a ċroiḋe gurab olc é a ccoṁnuiġe.


Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, aċt ní lé croiḋe iomlán.


Dfoscladar a mbeul orum, aṁuil leoṁan ag inġreim agus ag búirfiḋ.


An béul ar lasaḋ agus an croiḋe urċoideaċ atáid mur ṗota críaḋ ar na ḟolaċ re sal airgid.


A nuáir laḃras sé go breáġḋa, na creid é: óir atáid seaċd naṫḟúaṫṁaireaċta iona ċroiḋe.


Bí ginealaċ ann ḃíos fíorġlan iona súiliḃ féin, giḋeaḋ ní ḃíd niġte ó na salċar.


A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad?


Atá feall agá fáiġiḃ ann a lár, aṁuil leoṁan buile cíocraċ ar ċreiċ; do ṡluigiodar anmanna; do ġlacadar na hionnṁuis agus na neiṫe mórluáiġ; do rinneadar mórán baintreaḃaċ ḋi iona lár.


Is cosṁuil a prionnsaḋa iona lár ré madraḋuiḃ allta cíocraċ ċum creiċe, do ḋórtaḋ fola, agus do ṁarḃaḋ anmann, dfaġail tarḃa neiṁionnraca.


Atáid a prionsaḋa inte a stiġ na leoṁanumḃ buile; atáid a breiṫeaṁuin na cconaiḃ állta nóna; ní ċreimid siad na cnáṁa gus an maidin.


Oír as an gcroiḋe ṫigid na droċsmuaintiġṫe, dúnmarḃaḋ, aḋaltrannas, stríopaċas, gaduiḋeaċd fíaġnuisiġe bréige, blaisṗemiġe:


Coiṁéadaiġ siḃ féin ar na fáiġeannaiḃ fallsa, ṫig ċugaiḃ a gculaiḋiḃ caóraċ, agus a tá leiṫ a sdiġ na madruiḋ állta ḟúaduiġeaċda.


Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.


Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.


Agus are ngairm Deóin deisi áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ċuige do ċuir sé dionsuiġe Iósa íad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile?


Giḋeaḋ a duḃairt seision so, ní hé go raiḃ suim aige ann sna boċdaiḃ; aċd ar son gur ġaduiḋe é, agus gur ab aige do ḃí an sparán, agus gur ab é diomċraḋ an ní do ċuirṫí ann.


Agus a ndíaġ suipéir, (an tan do ċuir an díaḃal a gcoiḋe Iúdáis Iscaríot, ṁic Símóin, eisean do ḃraṫ;)


Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ?


Agus gur mó ṫáinic mé ar maḋuiġ a gcreideaṁ na Niuduiġeaḋ ná morán dom ṁaca saṁla a measg mo ċiniḋ, ar mbeiṫ ḋaṁ ní as dúṫraċduiġe ag leanṁuin luirg mo ṡinnsear.


Leigeas orrṫa féin ḃeiṫ díaġa, aċd do ḋíult do ċúṁaċd na díaġaċda: agus seaċainse a saṁuil sin.


Atáid na huile neiṫe go deiṁin glan don druing atá glan: aċd don druing atá salaċ agus gan ċreideaṁ ni ḃfuil éinní glan; aċd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salaċ.


Druidiġ ré Día, agus druidfé sé riḃ. Glanuiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa; agus glanuiġ ḃur gcroíḋṫe, a luċd na dá intinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ