Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 A sí an tsúil solus an ċuirp: ar a naḋḃarsin a núair ḃias do ṡúil glan, biáiḋ do ċorp uile soillseaċ; aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biáiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Is í do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan, béiḋ do ċorp uilig soillseaċ; aċt má ḃíonn sí olc, béiḋ do ċorp mar an gcéadna dorċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Is í do ṡúil solas do ċuirp: nuair ḃíos do ṡúil glan, bíonn do ċorp uile soillseaċ, ċóṁ maiṫ; aċt nuair ḃíos sí go h‐olc, bíonn do ċorp sa dorċadas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Is í do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan beiḋ do ċorp go léir soillseaċ, aċ má bíonn sí go h-olc beiḋ do ċorp go léir i ndorċadas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:34
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃuaileadar na dáoine do ḃi ag dorus an tiġe le doille, ó ḃeag go mór: ionnus gur ṫuirsiġeadar iad féin ag íarruiḋ an doruis.


Fosguil mo ṡúile, agus do ċífid neiṫe iongantaċa as do ḋliġṫiḃ.


Agus do léigios dóiḃ imṫeaċd a míangus a ccroiḋe: do ṡioḃladar iona ccoṁairle féin.


Is peacaḋ, féuċuin árd, agus croiḋe uáiḃreaċ, agus treaḃaḋ na cciontaċ.


Bí droċṡúil ag an té ḋeiṫḃriġios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ṫuigionn sé go ttiucfa boċtaine air.


Oír do ḋóirt an TIĠEARNA spiorad an ċodalta ṫruim amaċ oruiḃsi, agus do íaḋ sé ḃur súile: dfoluiġ sé ḃur ḃfáiġe agus ḃur núaċdaráin, agus na féuċadóiriġ.


Cía is dall, aċd mo ṡeirḃíseaċsa? nó boḋar, mar mo ṫeaċtaire do ċuir mé úaim? cía as dall mar an té atá iomlán? nó dall mar ṡearḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA?


Níor aiṫniġeadar agus níor ṫuigiodar: óir do ḋruid seision a súile, go naċ féidir léo faicsin; agus a ccroiḋṫe, go naċ féidir léo tuígsin.


¶ A ṁairg don druing ġoireas don nolc maiṫ, agus don ṁaiṫ olc; agus ċuirios dorċadas ar son soluis, agus solus ar son dórċadais; agus ċuirios searḃus ar son millsi, agus millse ar son searḃuis!


Déana croiḋe na ndaómesi méiṫ, agus déana a cclúasa trom, agus druid a súile; deagla go ḃfaicfidis le na súiliḃ, agus go ccluintidís lé na cclúasaiḃ, agus go ttuigfidís lé na ccroiḋe, agus go ḃfillfidís, agus go mbéidís slán.


Eístiġ so anois, a ṗohal amadánaċ, agus gan tuigsi; agá ḃfuilid súile, agus naċ ḃfaicionn; agá ḃfuilid clúasa, agus naċ ccluinn:


Ionnas ag féaċaín dóiḃ go ḃfaicfidis, agus naċ tiuḃraidís dá naire; agus ag cloisdin dóiḃ go gcluinfidis, agus naċ dtiucfidis; deagla go ḃfillfidis uáir ar biṫ, agus go maiṫfiġe a bṗeacuiġ ḋóiḃ.


Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd:


O a táid súile aguiḃ, Créd fá naċ ḃfaicṫí? agus ó táid clúasa aguiḃ, Créd fá naċ ccluintí, agus naċ ccuiṁniġṫí?


Dá bríġ sin taḃair haire riot naċ biáiḋ an solus atá ionnad na ḋorċadus.


Agus anois, féuċ, láṁ an Tiġearna ad aġaiḋ, agus biaiḋ tú dall, gan aṁarc na gréine agad feaḋ sealad. Agus ris sin féin do ṫuit céo agus dorċadus air; agus do ṡir sé fa gcuáirt dream éigin do ṫreoróċaḋ ar láiṁ é.


Agus ag fanṁuin, gaċ láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseaḋ aráin ó ṫiġ go tiġ, do ċaiṫdís bíaḋ maille lé gáirdeaċas agus lé simpliḋeaċd ċroiḋe,


Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.


Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.


Giḋeaḋ atá eagla oram, mar do ṁeall naiṫir neiṁe Eúḃá ré na ṁeaḃaill, go dtruáillfiḋe ḃur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimpliḋeaċd noċ atá a Gcríosd.


Agar ḋáll día an tsáoġailse a ninntinn noċ atá ar ḋíṫ creidiṁ, ionnus naċ bíaḋ soillse ṡoisgéil ġlórṁair Ċríosd, noċ is íoṁáiġ Dé, ag dealruġaḋ ḋóiḃ.


Ionnus go dtíuḃraḋ Día ar Dtiġearna Iósa Críosd, Aṫair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsiġe ḋáoiḃ ċum eision dadṁáil:


A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal dá ḃur maiġisdriḃ do réir na féola, maille ré faitċeas agus ré crioṫnuġaḋ, a ḃfíorġloine ḃur gcroiḋeaḋ, aṁuil do ḃíaḋ siḃ, do Ċríosd;


A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal sna huile neiṫiḃ don druing is maiġisdriḋe oruiḃ do réir na feóla; ní a seirḃís súl, mar luċd do ní toil na ndaóine; aċd maille re neaṁurċóid ċroiḋe, ar mbeiṫ eaglaċ ḋíḃ roiṁe Ḋía:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ