Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Eireóċaid luċd Niníḃe a mbreiṫeaṁnus maille ris an gcineaḋso, agus dainmeóċaid é: oír do rinneadarsan aiṫriġe ag seanmóir Iónas; agus, féuċ, atá duine as mó ná Iónas ann so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Éireoċaiḋ muinntir Niniḃe san ḃreiṫeaṁnas leis an ġlúin seo, agus daorfaiḋ siad í, óir rinne siad-san aiṫriġe as uċt seanmóireaċt Iónais; agus féaċ, neaċ is mó ná Iónas annseo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Éireoċaiḋ muinntear Niniḃe sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ an ċiniḋ seo, agus ḃéarfaiḋ siad daoir‐ḃreiṫ air: óir do‐rinneadar‐san aiṫriġe ar ḟógairt Iónáis, agus féaċ, atá duine is mó ’ná Iónás annso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Eireóċaid muintir Nineḃe i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus taḃarfaid siad daor-ḃreiṫ orṫa; mar do ḋeineadar aiṫriġe nuair ḟógair Iónas dóiḃ é; agus féaċ duine anso is mó ’ná Iónas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:32
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫosuiġ Iónah ar ḋul a steaċ don ċaṫruiġ aistior laói, agus dfúagair, agus a duḃairt, Go fóill ceaṫraċad lá, agus scriosfuiġior Nineḃeh.


¶ Marsin do ċreidiodar daóine Nineḃeh a Ndía, agus dfuagradar trosgaḋ, agus do ċuireadar saicéadaċ umpa, eaḋon ón té is mó gus an té is luġa.


Agus a duḃairt Día ré Ionah, An maiṫ do ní tusa fearg do ḃeiṫ ort mun scáṫ? Agus a duḃairt seision, Is maiṫ do ním ḃeiṫ feargaċ, eaḋon go nuige an mbás.


Aċd ar ḃreagra ḋósan, a dúḃairt sé ríu, Iarruiḋ an geinealaċ olc agus aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋóiḃ, aċd an coṁarṫa úd Iónas an ḟaiḋ:


Eiréoċaiḋ luċd Nineḃeh a mbréiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimneoċaid síad é: óir do rinneadarsan aiṫriġ ag seanmoir Iónas; agus, féuċ, a tá neaċ is mó ná Iónas ann so.


Eiréoċuiḋ bainrióġan an aoiḃe ó ḋeas a mbreiṫeaṁnus maille ré dáoiniḃ an ċiniḋsí, agus daimneóċaiḋ si iád: oír ṫáinic sisí ó leiṫimliḃ na talṁan déisdeaċd ré heagna Ṡolaiṁ: agus, féuċ, atá duine as mó ná Solaṁ ann so.


Oir a sé a ṡaṁuil sin dárdṡagart dob iomċuḃaiḋ ḋúinne do ḃeiṫ aguinn, noċ atá náoṁṫa, neiṁċiontaċ, gan ċáiḋe air biṫ, ar na sgaraḋ ré peacṫaċuiḃ, agus do rinneaḋ níos aírde ná na flaiṫis;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ