Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Eiréoċuiḋ bainrióġan an aoiḃe ó ḋeas a mbreiṫeaṁnus maille ré dáoiniḃ an ċiniḋsí, agus daimneóċaiḋ si iád: oír ṫáinic sisí ó leiṫimliḃ na talṁan déisdeaċd ré heagna Ṡolaiṁ: agus, féuċ, atá duine as mó ná Solaṁ ann so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Éireoċaiḋ bainríoġan an deiscirt san ḃreiṫeaṁnas le muinntir na glúine seo, agus daorfaiḋ sí iad, óir ṫáinic sise ó imillċríoċa an doṁain d’éisteaċt le h-eagna Ṡalomoin; agus féaċ, neaċ is mó ná Salomon annseo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Éireoċaiḋ ríoġan an doṁain ṫeas sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ muinntire an ċiniḋ seo, agus ḃéarfaiḋ sí daoir‐ḃreiṫ orṫa: óir ṫáinig sise ó imeallaiḃ an doṁain ċum éisteaċta le h‐eagna Ṡolaiṁ; agus féaċ, atá duine is mó ’ná Solaṁ annso.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Eireóċaiḋ Banríġin na deisceirte i mbreiṫeaṁantas i gcoinniḃ muintire an tsleaċta so, agus taḃarfaiḋ sí daorḃreiṫ orṫa; óir do ṫáinigs í ó imeallaiḃ an doṁain ċun éisteaċt le h-eagna Ṡalomóin; agus féaċ duine anso is mó ’ná Salomón.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:31
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ċúala bainríoġan na Séba clú Ṡoluiṁ, ṫainic sí do ḋearḃaḋ Ṡoluiṁ a cceastuiḃ cruáiḋe go Hierusalem, maille ré cuideaċduin ṁóir, agus lé cáṁalluiḃ ag iomċar spíosraḋ, agus roṁórán óir, agus ċloċa uáisle: agus a nuáir ṫáinic sí go Solaṁ, do ċoṁráiḋ sí ris fá gaċ ní dá raiḃ na croiḋe.


Ní ḃéara arm ar biṫ dá ccuimeaċṫar buáiḋ ad aġaiḋsi; agus gaċ teanga dá néireoċuiḋ ad aġaiḋ daimneoċa tú í a mbreiṫeaṁnus. Así so oiġreaċd ṡeirḃíseaċ an TIĠEARNA, agus is uáimsi atá a ḃfíreantaċd, a deir an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is mó do ḟíréunuiġ Israel ṁíoċoinġiollaċ í féin ná Iúdah fealltaċ.


Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so.


Agus gur ṫuirrling an Spiorad Náoṁ a ḃfioġair ċorparḋa mar ċolum air, agus do dtáinic guṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Is tú mo Ṁac gráḋaċsa; is ionnadsa a tá mo ḋeaġṫoil.


Agus táinic giṫ as a néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris.


Agus a né naċ daiméona an neaṁṫimċeallġearraḋ átá ó nadúir, má ċoiṁéudann sé an dlíġeaḋ, ṫusa, atá ad ḟior sáruiġe an dliġe trés an litir agus trés an dtímċeallġearraḋ?


As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ