Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus an tan do ċruinniḋ an sluáġ go tiúġ ċuige, do ṫionsgain sé a ráḋ. As olc an cineaḋ so: iárraiḋ sé coṁarṫa; agus ní tiuḃarṫar coṁarṫa ḋó, aċd coṁarṫa Iónas fáiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus nuair a ḃí na sluaiġte ina riṫ ċuige, ṫoisiġ sé a ráḋ: Is glúin ṁalluiġṫe an ġlúin seo; iarrann sí cóṁarṫa, aċt ní ṫaḃarfar cóṁarṫa dí, aċt cóṁarṫa Iónais, fáiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus nuair do ḃí na sluaiġte ag cruinniú ċuige, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leo, Droċ‐ċineaḋ is eaḋ an cineaḋ so: atá sé ag tóraiḋeaċt cóṁarṫa; agus ní taḃarfar cóṁarṫa ḋó aċt cóṁarṫa Iónáis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus nuair a ḃailiġ na daoine ċuige ṫusnuiġ sé ar a ráḋ leó: Slioċt ṁalluiġṫe iseaḋ an tslioċt so; tá cóṁarṫa uaṫa, aċ ní taḃarfar aon ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais an fáiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:29
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Marso atá Eseċiel na ċoṁarṫa ḋíḃ: do réir na nuile neiṫe dá ndéarna sé is marsin do ḋéantaóise: agus an tan ṫiucfas so, aiṫeontaói gur misi an Tiġearna DIA.


Anois ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċum Iónah ṁic Amittai, ag ráḋ,


Agus an tan do ċunnairc sé mórán do Ṗáirisíneaċaiḃ agus do na Sadúiseaċaiḃ ag teaċd do ċum a ḃaisdiġ féin, a dúḃairt sé ríu, A ṡíol na naiṫreaċ neiṁe, cía do ḟoillsiġ ḋáoiḃ teiṫeaṁ ón ḟeirg atá ag teaċd?


Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa.


Agus dream eile, ag cur ċaṫaiġṫe air, do iárradar coṁarṫa ó neaṁ air.


Do ċum go leanfuiḋe ar an gcinneaḋsa, fuil na ḃfáiḋeaḋ uile, do dóirteaḋ ó ṫús an doṁain;


Fa a námsin, ar mbeiṫ do ṗubal gan airṁeaḋ ar na ccoṁċruinniufgaḋ, ionnus go raḃadar ag saltairt ar a ċéile, do ṫionnsgain sé a raḋ re na ḋeisciobluiḃ ar tús, Coṁéaduiġ siḃ féin ar laiḃin na Ḃṗairsineaċ, eaḋon an fuarċraḃaḋ.


Agus ar ḃfreaga Díosa a duḃairt sé, A ċineaḋ míċreidṁeaċ cláon, ga fad fós ḃiás mé eadruiḃ, agus ḟuileongas mé siḃ? Taḃair do ṁác leaċd an so.


Ar a naḋḃarsin do ḟreagradar na Iúdaiḋe, agus a duḃradar ris, Créd é an coṁarṫa ṫaisbéanas tú ḋúinn, fá ndéunann tú na neíṫesi?


Uime sin a duḃradarsan ris, Créud é an coṁarṫa do ní tusa, ionnus go ḃfaicfiomáois agus go gcreidfiomáois duit? créud é an obair do ní tú?


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Agus bíoḋ go níarraid na Iúduiġe coṁarṫa, agus go sirid na Gréugaiḋ eagna:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ