Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 11:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a duḃairt seision ríu, A núair do ḋéantáoi urnuiġe, abraiḋ, Ar naṫair atá ar neaṁ, naoṁṫar hainin. Tigeaḋ do rioġaċd. Déantar do ṫoil, ar an talaṁ, mar atá ar neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus duḃairt sé leo: Nuair a ġní siḃ urnaiġe, abraigiḋ: A Aṫair, go naoṁṫar d’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus duḃairt sé: Nuair a ḃeiḋ siḃ ċun úrnuiġṫe déanaṁ abraiḋ: Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim, go dtagaiḋ do ríġeaċt, go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 11:2
45 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cluinsi a ḃflaiṫeaṁnus ann hionad coṁnuiġ féin, agus déana do reir gaċ éinneiṫe dá niárrfuiḋ an coiṁiṫeaċ ort: ċor go mbiáiḋ fios hanma ag dáoiniḃ na talṁan uile, le mbía heagla orra, mar atá air do ṗobal Israel; agus ċor go mbiáiḋ a ḟios aca an tiġ so, do rinne misi, gurob ad ainmsi goirṫear é.


A nois ar a naḋḃarsin, O a ṪIĠEARNA ar Ndía, guiḋim ṫú, sáorsa sinne as a láiṁ, ċor go mbía a ḟios ag uile rioġaċduiḃ an doṁuin gur tusa aṁáin, an TIĠEARNA Día.


Agus a duḃairt sé, O a ṪIĠEARNA Día ar naiṫreaḋ, naċ tusa is Día a bḟlaiṫeaṁnus? agus naċ riaġlann tú ós cionn uile rioġaċt na ngeinteaḋ? agus naċ ḃfuil cuṁaċt agus neart ad láiṁ, iondus naċ éidir déainneaċ cur a taġaiḋ?


Beannuiġesi an TIĠEARNA, a aingle féin, noċ atá árraċdaċ a neart, ag coṁall a aiṫeanta, ag taḃair aire do ġuṫ a ḃreiṫre.


Bí ar hárduġaḋ, ós cionn na neaṁ a Ḋé: agus ós cionn na talṁan uile do ġlóir;


Atá an TIĠEARNA ann a ṫeampall naoṁṫa, atá árdċaṫaóir an TIĠEARNA air neaṁ: do ḃeirid a ṡúile aire, teastuiġid forrḋuḃa a ṡúl, clann a ndaóine.


Bí ar hárduġaḋ, ós cíonn na bflaiṫeas, a Ḋé: do ġlóir ós cionn na talṁan uile.


Ná bí obann le do ḃéal, agus ná bíoḋ do ċroiḋe lúaṫ do laḃairt éinneiṫe a laṫair Dé: óir atá Día air neaṁ, agus atá tusa air talaṁ: uimesin go má tearc do ḃríaṫra.


Gan aṁarus is tú ar naṫair, bíoḋ naċ aiṫnid do Abraham sinn, agus naċ adṁann Israel sinn: is tusa, a ṪIĠEARNA, ar naṫair, ar slanaiġṫeóir; atá hainm o ṡíorruiḋeaċt.


Agus náoṁṫoċa mé mainm mór féin, noċ do heasonóruiġeaḋ a measg na ngeinteaḋ, noċ do ṫruailleaḃairsi iona lársan, agus aiṫeonuid na geinte gur misi an TIĠEARNA, a deir an Tiġearna DIA, an tan náoṁṫaċṫar misi ionnuiḃsí as coinne a súl.


Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


Glac ċugad bríaṫra, agus fill ċum an TIĠEARNA: abair ris, Beir uáinn a nuile éicceart, agus gaḃ ċugad go grásaṁuil sinn: marsin do ḃéaram uáinn laóiġ ar bpuisíneaḋ.


Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.


Aċd bulóg nó úan áir a mbía iomarcaiḋ, nó easḃuiġ ar a ḃalluiḃ, féaduiġ tú sin díoḋbuirt mar ofráil ṫoilteanuiġ: aċd ní ġéuḃṫar é ar son móide.


¶ Oír líonfuiġior an talaṁ le héolus ġlóire an TIĠEARNA, mar ḟoluiġid na huisceaḋa a nfairge.


Ar a naḋḃarsin gioḋ bé aidṁéoċas misi eision a ḃfíaġnuisi Maṫair atá ar neaṁ.


Agus a ráḋ, Déanuiḋ aiṫríġe: óir do ḋruid ríoġaċd De riḃ.


Go maḋ mar sin ḋealróċus ḃur soillsisi a ḃfíaġnuisi na ndáione, a gcrúṫ go ḃfaicfiḋ síad ḃur ndeaġoibriġṫe, agus do dtioḃruid glóir dá ḃur Naṫair atá ar neaṁ.


Agus tárla, an tan do ḃí sé ag déanaṁ urnuiġe a náit áiriġe, mar do sguir sé, go nduḃairt fear áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ris, A Ṫiġearna múin dúinne urnuiġe do ḋéanaṁ, aṁail agus mar do ṁúin Eóin dá ḋeisciobluiḃ féin.


Ċugaiḃsi uile an ṁéid atá sa Róiṁ, ar ḃur ngráḋuġaḋ ó Ḋía, agus ḃur náoṁaiḃ do réir ġarma: Grása agus sioṫċáin maille riḃ ó Ḋía ar Naṫair, agus an Dtiġearna Iósa Críosd.


Oír níor ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad na seirḃíse a rís ċum eagla; aċd do ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad aṫarġaḋ na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Aṫair.


Grása maille riḃ, agus sióṫċáin ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iósa Críosd.


Grása maille riḃ agus síoṫċain ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iósa Críosd.


Tug é féin ar son ar bpeacuiġne, ċum ar sáorṫa ón droċṡáoġalsa do láṫair, do réir ḋeáġṫoile Dé eáḋon ar Naṫaírne:


Grása maille riḃ, agus sioṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iosa Críosd.


Grasa maille riḃ, agus síoṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair, agus on Dtíġearna Iósa Críosd.


Agús glóir do Ḋía eaḋon ar Naṫairne go sáoġal na sáoġal. Amen.


Ċum na náoṁ agus na ndearḃráṫar ndíleas a Níosa Críosd a Gcolosse: Grása maille riḃ, agus siotċáin, ó Ḋía Aṫair agus ón Dtíġearna Iosa Críosd.


Pol, agus Silḃánus, agus Timotéus, ċum eagluise na Dtessalónicanaċ a Ndía Aṫar, agus sa Dtíġearna Iósa Críosd: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtíġearna Iósa Críosd.


Gan sgur dá ḃeiṫ ag coiṁniuġaḋ ḃur nobair creidiṁ, agus sáoṫar carrṫannaċda, agus foíġide ḃur ṁuiniġne ann ar Dtíġearna Iósa Críosd, a bfíaḋnuisi Dé éaḋon ar Naṫair:


Agus gó dtuguiḋ an Tíġearna féin Iósa Críosd, agus Día, eaḋon ar Naṫair, noċ do ġráḋuiġ sinn, agus tug ḋúinn coṁḟurtaċd síorruiḋe agus muiniġin ṁaiṫ tré ġrás,


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Cía air naċ biáiḋ eagla róṁad, a Ṫíġearna, agus naċ dtiuḃraḋ glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naoṁṫa: óir tiucfuid na huile ċineaḋaċa agus sléuċdfuid ad fíaḋnuise; óir atáid do ḃreiṫeaṁnuis ar na ḃfoillsiuġaḋ.


Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.


Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ