Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus ag imṫeaċd dó lá ar na ṁáraċ, do ḃean sé ḋá ṗiġinn amaċ agus tug sé don ósdóir iád, agus a duḃairt sé ris, Bíoḋ cúram agad fan ḟearso; agus giḃ bé ċaiṫfeas tú as a ċionn so, an tráṫ ḟillfeadsa, do ḃéara me ḋuit é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus lá ar n-a ḃáraċ, ṫarraing sé amaċ ḋá ṗiġinn, agus ṫug do’n óstóir iad, ag ráḋ: Taḃair aire dó, agus cibé a ċaiṫfeas tú ós a ċionn seo, díolfaiḋ mise leat é nuair a ṗillfeas mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Lá ar n‐a ḃáraċ do ṫóg sé amaċ ḋá ṗinginn agus ṫug sé do’n óstóir iad, agus aduḃairt sé, Taḃair aire ḋó; agus cibé méid ċaiṫfeas tú sa mbreis, cúiteoċadsa leat é, nuair ṫiocfas mé arís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus amáireaċ a ḃí ċúġainn ṫóg sé amaċ ḋá ṗinginn agus ṫug sé do ’n ḟear ósda iad, agus duḃairt sé: Taḃair aire ḋó san, agus pé méid a ḃeiḋ tú caillte leis, nuair a ṫiocfad-sa airís taḃarfad duit é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:35
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té agá mbí truaiġe don ḃoċt airligiḋ sé don TIĠEARNA; agus an ní do ḃéara sé úaḋ íocfuiḋ sé ris é a rís.


Agus ag dul a maċ don tsearḃḟoġantuiġ úd, fuáir sé áon dá ċoiṁṡearḃḟoġantuiḋiḃ féin, dar ḋliġ sé céd ṗiġinn: agus ar na ḟosdaḋ, rug sé ar sgórnuiġ aír, ag ráḋ, Díol rium an ni ḋliġeas tú.


Agus tar éis réiḋiġe ris an luċd oibre ar ṗiġinn sa ló, do ċuir sé ann a ḟíneaṁain íad.


Agus ar ndrud ris, do ċeangail sé a ċneaḋa, ag dortaḋ ola agus fióna ionnta, agus ar na ċuir air a ainṁiḋe féin dó, rug sé leis go tiġ ósda é, agus do ġaḃ sé cúram na ṫimċeall.


A nois cía don triúrsa, ḃreaṫnaiġeas tusa, do ḃeiṫ na ċoṁarsain ag an tí úd ṫárla a measg na mbioṫaṁnaċ?


Aċd an tan do ní tú féasda, goir na boiċd, na dáoine ciorṫuimeaċa, na bacaiġ, agus na doill:


Cuiriḋ Gaius mósdóir féin, agus na heagluisi uile, beaṫa agus sláinte ċugaiḃ. Cuiriḋ Erastus procadóir na caiṫreaċ beaṫa agus sláinte ċugaiḃ, agus an dearḃraṫair Quartus.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ