Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus tárla tré ċinneaṁain gur ġaḃ sagart áiriġe síos sa tsliġe sin: agus ar na ḟaicsinsion dó, do ġaḃ sé ṫairis don táoḃ eile don tsliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus ṫárla go ndeaċaiḋ sagart áiriṫe síos an bealaċ céadna, agus giḋ go ḃfaca sé é, ċuaiḋ sé ṫart ṫairis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus ṫarla go raiḃ sagart ag gaḃáil síos an bealaċ céadna: agus nuair do ċonnaic sé é do ġaḃ sé ṫairis ar an taoḃ eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus do ṫárla go raiḃ sagart ag gaḃáil síos an bóṫar céadna, agus ċonaic sé an duine, agus ḃuail sé ṫairis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:31
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an tógánaċ dinnis sin dó, Mar ṫárla ḋamsa do ċinneaṁuin ḃeiṫ ar ṡlíaḃ Gilboa, féuċ, do ḃí Saul na leaṫluiġe ar a ġaṫ; agus, féuċ, do leanadar na carbuid agus an marcṡlúaġ go géar na ḋiáiġ.


Dféuċus air mo láiṁ ḋeis, agus daṁaircios, agus ní raíḃ áon do aiṫneoċaḋ mé: do ṁeiṫ dídean orum; ní raiḃ áon do íarr manam.


Do ḃris an táċṁusán mo ċroiḋe; agus atáim lán do ḋóbrón: agus do ḃí súil agam re duine éigin do ḋéanaḋ coṁṫuirsi leam, agus ní raiḃ áonduine; agus ar son luċd coṁḟurtaċda, ní ḃfúaras íad.


Giḋ bé ḋuinus a ċlúasa re heiġioṁ na mboċt, coṁaircfiḋ sé féin mar an gcéadna, aċt ní cluinfiġṫear é.


¶ Dfill mé, agus do ċonnairc mé faói an ngréin, náċ don lúaṫ atá an ċoiṁling, nó an caṫ don neartṁar, nó fós an tarán do neagnuiḋ, nó fós saiḋḃrios do na daóiniḃ tuigsionaċa, nó fós faḃar do luċt an ġliocuis; aċt go tteagṁann am agus cinneaṁuin dóiḃ uile.


Naċ ċum haráin do roinn ar na hocraċaiḃ, agus go ttugṫá dot ṫiġ na boiċt air seaċrán? a nuáir do ċife tú an tárrnoċd, go ḃfoileoċa tú é, agus naċ ḃfoileoċa tú ṫú féin ód ḟeoil féin?


Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?


Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.


Agus aṁuil ḟeiṫios cuideaċda ṡladṁoireaḋair ḋuine, aṁluiḋ si n marḃuid cuideaċda ṡagart annsa tsliġe dáontoil: óir do níd síad úallaċus.


Cia atá ḃur measc do ḋruidfeaḋ na doirsi? agus naċ lastaói teine air maltóirse gan aḋḃar. Ní ḃfuil taitneaṁ ar bioṫ agum ionnuiḃ, a deir TIĠEARNA na slóġ, ní mó ġéaḃus mé ofráil as ḃur láiṁ.


Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé, Do ċúaiḋ duine áiriġe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg ḃioṫaṁnaċ é, do ṡlad e, agus do loit é, agus do imṫiġ rompa, ar na ḟagḃáil leaṫṁarḃ.


Agus mar an gcéadna Leḃita, a teaċd ċum a nionaid sin, ar na ḟaicsin dó, do ġáḃ sé ṫáiris don táoḃ eile.


Agus do imṫiġ sisi, agus ṫáinic sí, agus do ḃí ag díoġluim déus a ndiaiġ na mbuainaiġ annsa ṁaċaire: agus tárla a ndán di teagṁáil ar an gcuid dón ṁaċaire noċ fa le Boas, noċ do ḃí do ṡlioċd Elimeleċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ