Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé, Do ċúaiḋ duine áiriġe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg ḃioṫaṁnaċ é, do ṡlad e, agus do loit é, agus do imṫiġ rompa, ar na ḟagḃáil leaṫṁarḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Ċuaiḋ duine áiriṫe síos ó Ierusalem go h-Ierico, agus casaḋ air sladairí a ċreaċ é; agus i ndiaiḋ é a lot, d’imṫiġ siad leo, ġá ḟágáil leaṫ-ṁarḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus cia h‐é mo ċóṁarsa? D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé, Do ḃí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ieriċó; agus ṫeagṁuiġ sé le gadaiḋṫiḃ, do ṡlad agus do ḃuail é, agus d’imṫiġeadar, tar a éis dóiḃ a ḟágáil leaṫ‐ṁarḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Ḃí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ieriċó, agus do seólaḋ ameasg biṫeaṁnaċ é, agus do robáladar é, agus do ġaḃadar air, agus d’imṫiġeadar agus d’ḟágadar ’n-a ndiaiḋ é leaṫṁarḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:30
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aíriġṫear mé maráon ris an luċt ṫéid síos annsa log: atáim mar ḋuine ann naċ ḃfuil neart ar biṫ:


Uimesin, féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go ndéana misi breiṫeaṁnus air a hioṁáiġiḃ greanta, agus úċḃaḋfúiḋ an créaċtaċ ar feaḋ a dúṫaiḋe uile.


A deir síad re na máiṫriḃ, Cáit a ḃfuil arḃar agus fíon? an tan ṫuitid aṁuil daóine gonta a sráidiḃ na caiṫreaċ, a nuáir dóirteaḋ a nanam amaċ a nuċt a maṫar.


Agus neirṫeoċa mé láṁa ríġ na Babilóine, agus cuirfe mé mo ċloiḋioṁ iona láiṁsion: aċt brisfiḋ mé ruiġṫeaċ Ṗárao, agus do ḋéanuiḋ sé osnaḋ da laṫair lé hosnaḋuiḃ marḃṫuiġ duine ċneaḋuiġ.


Agus tárla tré ċinneaṁain gur ġaḃ sagart áiriġe síos sa tsliġe sin: agus ar na ḟaicsinsion dó, do ġaḃ sé ṫairis don táoḃ eile don tsliġe.


Agus ar mbreiṫ an dá ḟear déag leis Diósa, a duḃairt sé riu, Féuċ, téaġmáoid súas go Hiárusalem, agus críoċnóċṫar a dtimċeall Ṁic an duine na huile neiṫe atá sgrioḃṫa ag na fáiġiḃ.


Agus ar na ráḋ so, do ċúaiḋ sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ